‘Is féidir léi!’ a dúirt Obama, agus bhí Dóchas ar ais do na Daonlathaithe

21/08/2024

‘Tá Meiriceá réidh le haghaidh caibidil nua. Tá Meiriceá réidh le haghaidh scéal níos fearr. Táimid réidh don Uachtarán Kamala Harris,’ a dúirt Obama

Agus baill den lucht féachana ag scairt ‘Is féidir léi!’, sheas Barack Obama os comhair chomhdháil an Pháirtí Dhaonlathaigh sna Stáit Aontaithe chun teacht chun cinn Kamala Harris a cheiliúradh.

Bhí sé ar ais san áit a bhfuair sé an oiread sin tacaíochta san am a chuaigh thart chun freagracht na staire polaitíochta a thabhairt do Harris.

Agus bhí sé ann chun a chéile comhraic Donald Trump a cháineadh go láidir.

Kamala Harris
Kamala Harris

Thug Obama, iar-uachtarán Mheiriceá, an óráid deiridh oíche Dé Máirt ag an gcoinbhinsiún náisiúnta Daonlathach ina chathair dhúchais i Chicago.

Agus ba chlasaiceach é an óráid ó Obama, den chineál cainte a raibh cáil air mar Uachtarán.

Bhí gártha arda nuair a thug sé léirmheas cumhachtach ar Trump, a tháinig i a dhiaidh sa Teach Bán i 2017.

‘Ní theastaíonn ceithre bliana eile den tír ina cíor thuathail uainn,’ a dúirt Obama leis na daoine.

‘Tá an scannán sin feicthe againn roimhe seo agus tá a fhios againn go léir go mbíonn an “sequel” i gcónaí níos measa,’ a dúirt sé.

‘Tá Meiriceá réidh le haghaidh caibidil nua. Tá Meiriceá réidh le haghaidh scéal níos fearr. Táimid réidh don Uachtarán Kamala Harris.’

Oíche eile a bhí ann lán le fuinneamh – agus an rud sin a rinne Obama clúiteach i bpolaitíocht Mheiriceá, dóchas.

Rinne Obama, an chéad uachtarán gorm Mheiriceá, an cás go dtoghfadh an náisiún an chéad bhean agus an chéad bhean nach bhfuil geal don dTeach Bán.

Bhí sé ag labhairt 20 bliain tar éis dó teacht ar an stáitse polaitiúil den chéad uair ag an gcoinbhinsiún Daonlathach i mBostún.

An samhradh sin, chabhraigh Harris leis, le tiomsaitheoir airgid a óstáil do Obama.

Bhí sé ag seasamh do Sheanad na Stát Aontaithe in Illinois ag an am.

Harris agus Obama
Harris agus Obama

Ceithre bliana ina dhiaidh sin, thug Harris tacaíocht do Obama i gcoinne Hillary Clinton i bhfeachtas na ‘Primaries’.

Ba é sin an feachtas inar chum sé an frása, ‘Is féidir, is féidir linn!’

Agus oíche Dé Máirt, mheabhraigh an slua an chaoi ar tháinig ‘Is féidir linn’ chun cinn do Obama – agus creideann siad anois gur féidir le ‘Is féidir léi’ teacht chun cinn do Kamala Harris.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram