

Nuair a chuir mé Nell McCafferty faoi agallamh sna Nóchaidí bhí mé ag baint céim amach in iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (Dublin City University, DCU).
Bhí Eddie Holt (Irish Times/Irish Independent) mar léachtóir againn agus bhí ar an rang alt a scríobh faoi dhuine i mbéal an phobail.
Togha, nuair a bhíonn aithne agat ar dhuine cáiliúil go pearsanta.
Ba í Nell McCafferty an rogha loighciúil domsa – loighciúil ach scanrúil, caithim a rá.
Iriseoir na hiriseoireachta óna laethanta i nuachtáin mar The Sunday Tribune, The Irish Times, The Irish Press agus Hot Press.

Tógadh mé i dteaghlach ina raibh meas mór ar Nell.
Aithníonn ciaróg ciaróg eile, mar a deirtear, agus is bean láidir í mo Mham.
Bhí mo Dhaid ina iriseoir spóirt agus bhuail sé lé Nell ag comórtas snúcair.
Ní raibh siad ag imirt le chéile. Dúirt Dad go raibh sí fíor chairdiúil agus ba leor sin domsa chun plean a chur le chéile chun í a chur faoi agallamh.

Mar sin féin, fadhb a bhíonn ann nuair a chuirtear iriseoir faoi agallamh, ná go bhfuil cleasa na ceirde acu.
Agus bhí an cháil a bhí ag Nell tuillte go maith aici; géarchúiseach, neamhleithscéalach.
Ní raibh ach Nell McCafferty amháin sa leabhar fóin agus bhí sé furasta go leor, mar sin, a huimhir theileafóin a fháil.
Bhíomar i ré na línte talún ag an am.
Cé go raibh iriseoireacht á staidéar agam, bhí mé an-chúthail.
Ag an bpointe amháin, ba bheag nár thacht (choke) mé Irvine Welsh (mar thimpiste) le gléas taifeadta, agus é ag seoladh leabhair in Eason’s.
Ar an dea-uair áfach, ní fhéadfadh Nell a bheith níos deise chuig an déagóir ar an bhfón, cé go raibh sí breoite ag an am.
Mar shaoririseoir ní raibh sí in ann am saor ón obair le pá a fháil nuair a bhí sí tinn. Cé go raibh a guth beagnach imithe, bhí Nell lán le scéalta agus lánsásta mo cheisteanna a fhreagairt go cuimsitheach.
I ndáiríre, ní raibh aon ghá le ceisteanna agus ní raibh sí curtha faoi agallamh.

Bhí comhrá fada againn – faoin iriseoireacht, faoi thopaicí a bhí le foilsiú agus cinn nach raibh le foilsiú.
Chomh maith le sin, labhair Nell go hoscailte faoina saol agus caidreamh a bhí aici.
Bhí Nell ina mórphearsa leispiach roimh an am a bhí sé inghlactha nó ceiliúrtha, agus labhair sí amach gan scáth ná faitíos.
Deirtear nach moltar bualadh le do laochra, ach ní deirtear tada faoi ghlao teileafóin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.