‘Kellie Harrington I know will not be defined by medals’ a deir Ryan Tubridy

Alt RYAN TUBRIDY: Ní boinn ach an grá dá bhean Mandy, dá teaghlach agus dá madraí a chuireann áthas ar Kellie

Cluichí Oilimpeacha iontach a bhí ann do Kellie Harrington agus na hÉireannaigh ar fad. Is ar éigean a chuaigh lá thart gan scéala faoi bhonn eile ag Foireann Éireann (Team Ireland).

Ní fada ó shin a d’fhéachamar ar na cluichí gach ceithre bliana le súil is go mbuafaimis bonn amháin nó b’fhéidir dhá cheann dá mbeadh an t-ádh linn.

Ach an uair seo, is cosúil go bhfuil glúin iontach lúthchleasaithe againn.

Níl mé gafa go leor le spóirt chun a thuiscint cén fáth go bhfuil sé seo mar atá.

Kellie ar an Late Late Show le Ryan Tubridy agus John C Reilly
Kellie ar an Late Late Show le Ryan Tubridy agus John C Reilly

Mar sin féin, is dóigh liom go raibh infheistíocht ag leibhéal an phobail le blianta beaga anuas, a d’fhág go bhfuil líon na mbonn iontach buaite againn i bPáras.

Chomh maith leis seo tá cóitseálaithe, teaghlaigh agus clubanna ar fud na tíre atá ag cothú agus ag spreagadh na lúthchleasaithe iontacha seo ar fad.

B’fhéidir go dtugann sé sin le tuiscint dúinn cén fáth a raibh na Cluichí Oilimpeacha iontacha sin ag Éirinn i mbliana.

Caithfidh mé tagairt ar leith a thabhairt do mo chara, Kellie Harrington.

Bhí a fhios agam ón nóiméad a bhuail mé léi, agus a chuir mé faoi agallamh í i stiúideo raidió blianta fada ó shin, go raibh mé ag déileáil le duine an-speisialta.

Is minic a labhair sí faoina diongbháilteacht agus a neart, ach tá taobh thar a bheith cineálta léi ar mhaith liom labhairt faoi.

Is cuimhin liom nuair a tháinig Kellie ar The Late Late Show ar chlár speisialta Lá Fhéile Pádraig agus shuigh sí in aice leis an aisteoir, John C Reilly.

D’fhéach John le hiontas agus Kellie ag canadh amach go haird i léiriú gan mhoill agus foirfe ar Grace.

Bhí sé seo beo ar an aer, díreach tar éis do Kellie mé féin a tharraingt chun ‘jive’ a dhéanamh, sular thosaigh an seó. Rinne sí é sin don chraic.

Go príobháideach, is smaointeoir domhain í agus duine cineálta, tuisceanach, agus is é sin an fáth go bhfuil an oiread sin meas agam uirthi.

Le Mandy agus na madraí
Le Mandy agus na madraí

Beidh sí thar a bheith sásta lena dara bonn óir, ar ndóigh.

Ach sílim go bhfuil sé cóir a rá nach socróidh an rath stairiúil sin cé hí Kellie, is é sin an Kellie a bhfuil aithne agam uirthi agus a bhfuil grá agam di.

Is breá le Kellie a bean chéile, Mandy, a teaghlach agus a madraí agus a fhad agus a bhíonn siad ceart go leor, leanfaidh Kellie Harrington ag buachan óir de shaghas eile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram