‘Nuair a phósann tú ceapann tú go bhfuil sé ar feadh an tsaoil!’ Ken Doherty ag caint faoin saoirse, tar éis 20 bliain de phósadh

31/07/2024

‘An rud is tábhachtaí domsa, tar éis scaradh ó mo bhean chéile, ná nár chuir sé isteach ar mo mhac,’ a deir Ken Doherty

Nuair a smaoiníonn tú ar imreoirí snúcair (snooker) na hÉireann is é Ken Doherty an fear amháin a thagann chun cuimhne.

Mar sin féin, nuair nach bhfuil sé ag an mbord snúcair, tá saol an réalta, atá 54 bliain d’aois anois, athraithe.

ken doherty and
Ken Doherty le Sarah

Is deacair a chreidiúint go bhfuil beagnach 30 bliain imithe thart ó bhuaigh an fear Bhaile Átha Cliath, Doherty, Craobh Snúcair an Domhain i 1997.

Agus na laethanta seo, cé go mbíonn baint mhór aige leis an gcluiche, bíodh sé ag imirt nó ag déanamh trácht ar chluichí, tá duine amháin a mbíonn sé ag smaoineamh air i gcónaí: a mhac Christian.

Scar laoch snúcair Doherty óna iar-bhean chéile Sarah dhá bhliain ó shin.

Dúirt Doherty ag an am gur ‘idirscaradh cairdiúil’ a bhí ann.

Dúirt sé gur ‘cairde fós’ iad agus go raibh siad ag díriú arís ar chomhthuismitheoireacht a mic.

Nuair a fiafraíodh de cad é mar a mhothaíonn sé as a bheith ar an margadh arís, tar éis 20 bliain pósta, dúirt Doherty: ‘Tá sé aisteach.’

Dúirt sé: ‘Nuair a phósann tú ceapann tú go bhfuil sé ar feadh an tsaoil. Ach mura n-oibríonn sé amach, ní oibríonn sé amach.

‘Sílim gurb é an rud is tábhachtaí domsa, tar éis scaradh ó mo bhean chéile, ná nár chuir sé isteach ar mo mhac,’ arsa Doherty.

Ken agus Christian
Ken agus Christian

‘Agus tá mo mhac agus mé féin an-ghar le chéile… Tá sé 16 bliain d’aois. Táimid díreach tar éis teacht ar ais le chéile ó lá saoire.’

Dúirt Doherty: ‘Is aisteach an rud é, ach leanann an saol ar aghaidh.’

Mar sin féin, nuair a fiafraíodh de an ndéanfadh sé triail as an saol dhátú ar líne, ba mhór an ‘Ní hea’ a dúirt Doherty.

Faoi láthair, tá an t-imreoir snúcair sásta a bheith ag crochadh amach lena mhac, ag imirt an chluiche snúcair is breá leis go fóill agus ag trácht air nuair a fhaigheann sé seans.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram