Brúidiúlacht: Mharaigh Iosraelaigh 30 in ionsaí ar scoil; agus mharaigh Hizbollah 12 in ionsaí ar pháirc pheile

28/07/2024

Tá 30 duine maraithe ag arm Iosrael i stailc diúracán (missile strike) ar scoil i nGaza, agus tá tuilleadh foréigin á bhagairt acu tar éis ionsaí Hezbollah

Tá faitíos faoi shaolta níos mó leanaí sa chogadh in aghaidh na Palaistíne ag Iosrael tar éis dhá ionsaí eile.

Maraíodh 12 duine, leanaí ina measc, mar gheall ar ionsaí roicéad ar pháirc pheile sna Golan Heights, áit atá Iosraelaigh.

Shéan Hezbollah aon fhreagracht as an stailc sa cheantar ina raibh trúpaí na hÉireann lonnaithe go dtí le déanaí.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur léiriú breise ar fhoréigean brúidiúil é an t-ionsaí a rinne arm Iosrael
Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur léiriú breise ar fhoréigean brúidiúil é an t-ionsaí a rinne arm Iosrael

Agus tá ar a laghad 30 Palaistíneach maraithe i stailc Iosraelach ar scoil i nDeir Al-Balah i lár Gaza.

Tá iarrtha arís ag an Taoiseach Simon Harris sos cogaidh i nGaza agus scaoileadh gialla.

Maíonn na hIosraelaigh go bhfuil sé inghlactha diúracáin a chaitheamh ag scoileanna má chreideann siad go bhfuil baill Hamas ann.

Tá Deir Al-Balah ar cheann de na ceantair is mó daonra le teaghlaigh easáitithe (displaced families). Gortaíodh breis agus 100 duine san ionsaí Iosraelach.

Mhaígh míleata Iosrael go raibh an scoil i nGaza á húsáid chun ionsaithe in aghaidh trúpaí agus mar thaisce airm a sheoladh agus gur thug sé rabhadh do shibhialtaigh roimh an stailc.

Mhéadaigh an t-ionsaí in Golan Heights teannas sa chogadh agus d’ardaigh sé faitíos roimh chogadh níos leithne idir na coimhlintí armtha troma (heavily armed).

Bhuail an roicéad páirc pheile i sráidbhaile Druze, Majdal Shams, sa Golan Heights, áit ar ghabh Iosrael ón tSiria i gcogadh an Mheán-Oirthir 1967, agus a cuireadh i gceangal leis i mbeart nár aithin formhór na dtíortha.

‘Íocfaidh Hezbollah praghas trom, an cineál nár íoc sé go dtí seo,’ a dúirt Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu.

Mar thoradh ar bhagairtí den sórt sin a rinneadh roimhe seo tá go leor sibhialtach Palaistíneacha básaithe.

‘Íocfaidh Hezbollah praghas trom, an cineál nár íoc sé go dtí seo,’ a dúirt Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu
‘Íocfaidh Hezbollah praghas trom, an cineál nár íoc sé go dtí seo,’ a dúirt Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu

Dúirt Hezbollah: ‘Níl baint ar bith ag an bhFrithsheasmhacht (Resistance) Ioslamach leis an eachtra agus séanann sé gach líomhain bhréagach ina leith seo.’

Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur léiriú breise ar fhoréigean brúidiúil é an t-ionsaí a rinne arm Iosrael.

D’iarr an Taoiseach sos comhraic láithreach, scaoileadh na ngiall go léir agus rochtain gan bhac ar chúnamh isteach i nGaza.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram