Is breá liom iad! Moladh ar leith do Kneecap ó Elton John

16/07/2024

Tá níos mó moltaí á fháil ag Kneecap, le Elton John ag caint faoina liricí ‘satirical and socially conscious’ agus Noel Gallagher ag rá: ‘Bhí an puball pacáilte! Ní raibh muid in ann dul isteach ann!’

Tá ardmholadh tuillte ag Kneecap ó na réaltaí pop Elton John agus Noel Gallagher. Dúirt Elton go mbeidh an banna rap Gaeilge ina ‘bhanna mór’.

D’éirigh go hidirnáisiúnta cheana féin leis an scannán leis na rapadóirí as Béal Feirste, agus seolfar é in amharclanna na hÉireann an mhí seo chugainn.

Ós rud é gur taispeánadh é do lucht féachana idirnáisiúnta tá níos mó tóir ar Kneecap anois.

Kneecap le Noel Gallagher
Kneecap le Noel Gallagher

Tar éis gig ollmhór ag Glastonbury, mhol an t-iar-amhránaí agus cumadóir Oasis, Noel Gallagher iad.

Agus sheinn Elton John a n-amhrán, Better Way to Live, ar a seó raidió, Rocket Hour, ar Apple Music.

Dúirt sé: ‘Is as Béal Feirste do Kneecap agus cuireann siad le chéile liricí hip hop, aoir (satirical) agus comhfhiosach sóisialta (socially conscious).

 ‘Tá siad iontach. Níl mé ach díreach tar éis iad a aimsiú, agus is ón albam nua “Fine Art” é.

Elton John
Elton John

‘Is éard atá i gceist leis an amhrán ná an spréach bheag áthais sin a fháil, agus na rudaí beaga sa saol laethúil leadránach.

‘Banna iontach mór a bheidh iontu,’ a dúirt Elton. ‘Is breá liom i ndáiríre iad. Kneecap, cuimhnigh ar sin.’

Agus roinn Kneecap an tráchtaireacht Elton ar X, ag scríobh ‘Cad é seo….. @EltonOfficial ag seinm muidne agus a bheith go maith.’ Bhí emoji le croí agus tine in éineacht leis.

Tar éis do Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí an gig a sheinm i Glastonbury níos luaithe an mhí seo, dúirt Noel Gallagher, a bhí sa slua: ‘Ní fhéadfadh é a chreidiúint’ cé chomh taitneamhach agus a bhí an gig.

‘Chuaigh chun na “street kids” seo ó Thuaisceart Éireann, ar a dtugtar Kneecap, a fheiceáil,’ a dúirt Noel.

‘Is rapadóirí iad ar son na Poblachta. Tháinig muid ann agus bhí í an puball fíor f***ing pacáilte. Níorbh fhéidir leat dul isteach!

‘Siúlann an triúr leaid seo amach, duine acu i mbalaclava agus déanann siad rap i nGaeilge,’ a dúirt Noel. ‘Tá amhrán acu darb ainm “Get Your Brits Out”. Tá go leor greann ag baint leis… ní raibh mé in ann a chreidiúint cé chomh taitneamhach agus a bhí sé.

‘Ós rud é gur oidhreacht Éireannach mé bhí sé sin greannmhar go leor agus bhí siad an-mhaith,’ a dúirt sé faoi Kneecap.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram