

Gabhadh 15 duine Dé Luain mar gheall ar ionsaithe a rinne lucht agóide frith-inimirceach ar na gardaí, ar shuíomh ionaid tearmainn (asylum centre).
Las fir óga a raibh maisc orthu tinte agus ionsaíodh briogáid dóiteáin agus gardaí i mBaile Átha Cliath.

B’éigean do Ghardaí sprae piobair agus fórsa fisiciúil a úsáid mar fhreagra ar bhuamaí peitril, carraigeacha, tinte ealaíne (fireworks) agus buidéil ghloine a caitheadh orthu sa Chúlóg (Coolock), i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Agus in ionsaithe cosúil le círéibeacha (riots) Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna seo caite, cuireadh carr do Gharda ar lasadh agus rinneadh damáiste do dhá charr patróil eile, nuair a bhog lucht agóide go Stáisiún na nGardaí sa Chúlóg.
Chuir an Taoiseach Simon Harris síos ar an bhforéigean mar rud ‘dochreidte’ agus gheall an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go mbeidh na daoine a bhí freagrach as an bhforéigean ‘ag tabhairt aghaidh ar an dlí’.

Tháinig teannas chun cinn ar maidin Dé Luain ag shuíomh monarchan Crown Paints, áit a bhfuil grúpa darb ainm ‘Coolock Says Nó’ ag cur bac ar an mbealach isteach le roinnt míonna anuas.
Tá sé beartaithe an foirgneamh a úsáid le lóistín a thabhairt do suas le 500 iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta.
Cuireadh JCB agus tochtanna (mattresses) d’iarrthóirí tearmainn ar lasadh agus dúirt oibrithe tógála, a bhí le tosú ag athchóiriú an foirgneamh, gur chuir lucht agóide cosc orthu é sin a dhéanamh.
Dúirt siad gur tugadh oifigeach slándála amháin amach in otharcharr tar éis dó a bheith buailte sa cheann le rud éigean.

Seoladh thart ar 80 garda, lena n-áirítear baill den Aonad Ord Poiblí, ó stáisiúin ar fud na príomhchathrach chun smacht a chuir ar na sluaite a bhí ag dul i méid.
Gortaíodh roinnt gardaí i rith an lae.
Dúnadh an dá thaobh de Bhóthar Mhullach Íde (Malahide) don trácht nuair a chuaigh níos mó ná 100 agóideoir, ar a raibh muintir na háite agus gníomhaithe frith-tearmainn, isteach sna hionsaithe.
Bhí fear amháin le meigeafón, a d’aithin é féin mar ‘Colm’, ag tiomáint na n-agóidí ar aghaidh.
Bhí sé ag éileamh go raibh an Rialtas chun ‘fiafraí díot an bhfuil seomra príobháideach agat agus go gcuirfí iallach ort “iad” a chur ann’.

Timpeall 30 nóiméad ina dhiaidh sin, d’éirigh roinnt fear ionsaitheach le gardaí gar do bhealach isteach Power City.
Bhain Gardaí úsáid as spraeáil phiobair ar roinnt daoine sular gabhadh iad.
Cuireadh iachall ar dhaoine eile dul ar an talamh agus cuireadh glais lámh orthu sular cuireadh isteach i gcúl veaineanna na nGardaí iad.
Bhí go leor agóideoirí ionsaitheach freisin i gcoinne baill de na meáin.
Ag am amháin, bhí baill den scuad círéibeach (riot squad) le sciatha (shields) líneáilte trasna taobh veain, chun iad féin a chosaint ó charraigeacha agus craobhacha crann á gcaitheamh orthu as carrchlós.
Bhog roinnt lucht agóide níos faide suas Bóthar Mhullach Íde ansin, áit ar cuireadh araid rothaí (wheelie bin) trí thine.
Lean thart ar dhosaen ógánaigh le maisc orthu ag cur leis an tine le craobhacha crann.
Shroich Briogáid Dóiteáin an áit ach ní raibh siad in ann teacht ar an suíomh mar gheall ar ionsaithe ó fhir óga.
Caitheadh carraigeacha ar fhear amháin ón mbriogáid dóiteáin a rinne iarracht dul chuig an tine agus b’éigean dó dul ar ais.

Ar feadh breis agus uair an chloig chosain an t-aonad iad féin ó thinte ealaíne agus ó bhuidéil ghloine, mar a bhí lucht agóide eile ag faire.
Roinneadh físeáin den fhoréigean ar na meáin shóisialta ag an ghníomhaí i bhfad ar dheis ón mBreatain agus ag iar-cheannaire an English Defence League, Tommy Robinson, a spreag daoine le bheith i láthair agus ‘troid ar son a bpobal’.
Mhaígh sé go raibh ‘fir imirceacha gan seiceáil á ndumpáil ina mbaile’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.