

Níl muinín ag níos mó ná trí cheathrú de na daoine sna cúirteanna chun déileáil le cásanna a bhaineann le mná agus foréigin.
I ndiaidh láimhseáil chás an íospartaigh ionsaithe Natasha O’Brien, fuair pobalbhreith Amárach don Irish Daily Mail amach go bhfuil an easpa muiníne is airde ag mná.
Dúirt 82% de na mná nach bhfuil muinín acu as córas na gcúirteanna i gcomparáid le 70% d’fhir.
I léiriú ar staid reatha an chórais cheartais choiriúil, níor bhraith ach 13% de dhaoine, idir mná agus fir, go bhfuil muinín acu as na cúirteanna chun déileáil go cuí le foréigean in aghaidh na mban.

Rinne an saighdiúir Cathal Crotty, atá 22 bliain d’aois, ionsaí foréigneach ar Ms O’Brien in ionsaí gan choinne ar Shráid Uí Chonaill i gCathair Luimnigh in 2022.
Fuair sé téarma príosúin trí bliana ar fionraí go hiomlán an mhí seo caite tar éis pléadáil chiontach ach mar gheall ar sin bhí agóidí ar fud na tíre.
Ag labhairt di leis an Irish Daily Mail Dé Céadaoin, dúirt Ms O’Brien: ‘Níl mé ag labhairt amach i gcoinne m’ionsaí ná an bhreithimh.
‘Tá mé ag labhairt amach i gcoinne an chórais. Táim ag labhairt amach i gcoinne na ndaoine atá i gceannas, iad siúd atá i gcumhacht atá ag déanamh neamhairde dá ndualgais.’
Ag labhairt di faoi chinneadh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (DPP) achomharc (appeal) a dhéanamh in aghaidh an cháis, dúirt sí: ‘Is mór an díomá a fheiceáil go bhfuil an rud ceart á dhéanamh domsa agus ní do chách.’
Faoi reachtaíocht atá i bhfeidhm ó mhí na Samhna seo caite, tá an chumhacht ag breithiúna pianbhreitheanna príosúin chomh hard le deich mbliana a ghearradh as ionsaí.
Nuair a d’ionsaigh Crotty Ms O’Brien, ba é an phianbhreith uasta ná cúig bliana.

Fuarthas amach i bpobalbhreith Amárach/Irish Daily Mail, a rinne suirbhé ar 1,000 duine fásta, nár dúirt ach 8% de mhná go bhfuil muinín acu as an gcóras cúirte chun déileáil le coireanna foréigneacha in aghaidh na mban.
Agus dúirt 18% de na fir an rud céanna.
Dúirt 13% de na daoine – idir mná agus fir – go bhfuil muinín acu as na cúirteanna chun mná a chosaint. Dúirt 76% nach bhfuil muinín acu, agus dúirt 11% nach bhfuil siad cinnte faoi.
Dúirt 8% de mná go bhfuil muinín acu as na cúirteanna chun mná a chosaint. Dúirt 82% nach bhfuil muinín acu, agus dúirt 10% nach bhfuil siad cinnte faoi.
Dúirt 12% de na fir go bhfuil muinín acu as na cúirteanna chun mná a chosaint. Dúirt 70% nach bhfuil muinín acu, agus dúirt 12% nach bhfuil siad cinnte faoi.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.