

Tá sé ráite ag iar-chomhcheannairí na nDaonlathaithe Sóisialta (Social Democrats), Catherine Murphy agus Róisín Shortall, go mbeidh siad ag éirí as roimh an olltoghchán atá ag teacht.
Dúirt an bheirt pholaiteoir, a rinne athruithe móra ar pholaitíocht na hÉireann, go bhfuil sé in am don ghlúin nua dul i gceann an phoist.
Is rud é atá déanta acu cheana féin, a bheag nó a mhór, tar éis dóibh an páirtí a chruthú agus an bealach a réiteach do cheannaireacht Holly Cairns.

Nuair a ghlac Cairns seilbh ar an gceannaireacht breathnaíodh uirthi mar ghuth glúin nua vótálaithe atá óg, comhbhách (caring) agus buartha faoin timpeallacht.
Is iarchomhaltaí de Pháirtí an Lucht Oibre iad Catherine, atá ina TD do Chill Dara Thuaidh ó 2011, agus Róisín, atá ina TD do Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1992 i leith.
Chuir Catherine tús lena gairm pholaitiúil i bPáirtí na nOibrithe (Workers Party) agus bhí sí le seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre i dtoghchán 2002, ach níor tharla sé seo mar gheall ar aighneas le Emmet Stagg TD ag an am.
Toghadh Róisín mar TD de chuid an Lucht Oibre don chéad uair i 1992 ach d’fhág sí an páirtí tar éis di fónamh mar aire shóisearach sláinte le linn an chomhrialtais le Fine Gael i ndiaidh na géarchéime sa gheilleagar i 2008.
D’imigh sí tar éis aighnis faoin gcaoi a raibh an rialtas ag an am ag déileáil leis an tseirbhís sláinte.
Bhunaigh siad na Daonlathaithe Sóisialta i mí Iúil 2015, in éineacht leis an TD Neamhspleách a bhí ag an am, Stephen Donnelly, atá anois i bhFianna Fáil agus mar Aire Sláinte.
Dúirt Róisín gurb iad buaicphointí a cuid oibre ná plean cúram sláinte d’Éirinn, Sláintecare, agus bunú na nDaonlathaithe Sóisialta.
‘Chuireamar [é] trí ghreim agus creideamh i bpolaitíocht de chineál eile, agus táimid an-sásta gur ghlac an pobal le sin,’ a dúirt sí ar News At One ar RTÉ.

‘Níl aon amhras orainn go mbeidh ról suntasach ag an bpáirtí i bpolaitíocht na hÉireann amach anseo.’
Tá seisear Teachta Dála ag an bpáirtí faoi láthair, lena n-áirítear Catherine agus Róisín, agus 35 comhairleoir.
Dúirt Catherine: ‘Ba mhór an phribhléid é a bheith ag obair sa pholaitíocht in éineacht le comhghleacaithe a bhfuil mo chuid fuinnimh, tiomantais agus fís don todhchaí roinnte agam.’
Dúirt Róisín: ‘Tá acmhainn ollmhór ag an bpolaitíocht chun saol daoine a fheabhsú agus chun tír níos cothroime agus níos forásaí a chruthú. D’oibrigh mé ar mhaithe leis na spriocanna sin le linn mo ghairm bheatha.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
