Líomhaintí gnéis ó imreoirí ban i gcoinne iar-cóitseálaí de chuid an FAI

05/07/2024

Dúirt mná san FAI gur fágadh as an áireamh iad mar gheall ar cluanaireachta (advances) a dhiúltú nó labhairt amach faoi líomhaintí gnéis

Tá imscrúdú Garda seolta faoi líomhaintí forleathana go ndearna iar-chóitseálaí sinsearach de chuid an FAI cluanaireachta gnéis (sexual advances) gan iarraidh le roinnt imreoirí ban sna 1990idí.

Agus fuarthas amach ansin go bhfuil gearán eile déanta freisin faoin dara cóitseálaí sinsearach.

Chuir Uachtarán an FAI, Paul Cooke, na baill ar an eolas faoi ‘scéal meáin atá le teacht’ a bhain le ‘sraith líomhaintí faoi mhí-úsáid stairiúil ban’.

Dheimhnigh an Garda Síochána go bhfuil siad i mbun fiosrúcháin ar ghearán amháin ar a laghad faoi iar-cóitseálaí de chuid an FAI
Dheimhnigh an Garda Síochána go bhfuil siad i mbun fiosrúcháin ar ghearán amháin ar a laghad faoi iar-cóitseálaí de chuid an FAI

Dheimhnigh an Garda Síochána níos déanaí go bhfuil siad i mbun fiosrúcháin ar ghearán amháin ar a laghad.

Chuir an Príomhfheidhmeannach eatramhach David Courell an teachtaireacht chéanna chuig gnáthfhoireann na heagraíochta.

Dúirt an FAI go raibh ionadh orthu a fháil amach faoi na líomhaintí ag mná a bhfuil baint acu le sacar na hÉireann.

Bhí comhfhiosrúchán dhá bhliain ar siúl ag RTÉ agus an Sunday Independent, a bhailigh fianaise macánta ó go leor iar-imreoirí ban, teagascóirí agus oifigigh ón FAI.

Dúirt cuid acu siúd ar cuireadh agallamh orthu nár inis siad do dhuine ar bith faoina dtaithí roimhe seo agus go raibh eagla orthu é sin a dhéanamh.

Ach bheartaigh siad labhairt amach le cuidiú leis an bpeil a dhéanamh níos sábháilte do líon na gcailíní agus na mban óg a bheidh i mbun an spóirt.

Tá tráma ar roinnt iar-imreoirí mar gheall ar na gníomhartha a líomhnaíodh, a dúirt siad.

Dúradh go raibh ionadh ar go leor díobh siúd a d’fhulaing cluanaireachta gnéis (sexual advances) a fháil amach go raibh eispéiris chomhchosúla ag a gcuid iar-chomhpháirtithe.

I gcás amháin dúirt imreoir nár roghnaíodh í arís tar éis di imeacht ó sheomra óstáin a bainisteora, tar éis dó iarracht a dhéanamh í a phógadh.

Dúirt imreoir eile gur chreid sí go raibh sí ‘ar deoraíocht (exiled)’ ag cóitseálaí óna bhfoireann tar éis di a rá go bhfaca sí é ag iompar go míchuí le himreoirí.

‘Braithim brónach, ar an gcéad dul síos, nach mise an t-aon duine amháin. Tá sé uafásach. Tá súil agam nach dtarlóidh sé seo choíche d’aon chailín eile amuigh ansin arís,’ a dúirt bean amháin.

Shéan na hiar-chóitseálaithe aon éagóir.

I ráiteas, dúirt an FAI go n-admhaíonn siad ‘an misneach ollmhór atá ag na mná agus iad ag cur a gcuid imní in iúl’.

Dúirt an FAI go spreagfadh siad aon duine a bhfuil baint acu le peil na hÉireann aon imní a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuairisciú.

Craolfar clár RTÉ Investigates, Girls in Green, Dé Domhnaigh ar RTÉ a hAon ag 9.30pm.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram