D’fhoghlaim Jack Chambers ceacht sa pholaitíocht Déardaoin. Mar a deirtear sa CLG: Fáilte chuig an Iomáint Shinsearach.
Iar-Aire Sóisearach don Ghaeltacht ab é Chambers, a thug isteach na hathruithe ar an Acht Teanga a dhúisigh ranna Rialtais faoina gcuid freagrachtaí i leith na Gaeilge.
Rinne sé é sin, agus é ag plé le polaiteoirí ar na binsí freasúra a bhí tiomanta go láidir don teanga, daoine ar nós Aengus Ó Snodaigh agus Catherine Connolly.
Ag an am bhí Chambers ina Phríomh-Aoire an Rialtais freisin. Ní aon tasc éasca é sin ag am ar bith, ach bhí sé thar a bheith deacair in am a bhí na páirtithe láidre ar clé sa Fhreasúra, na fadhbanna ba lú a bhí aige.
Mar bhí Fianna Fáil díreach tar éis dul isteach sa Rialtas le Fine Gael agus bhí naimhdeas pholaitíocht an Chogaidh Chathartha fós sa chúlra idir an dá pháirtí.
Ach ba rud beag é sin fiú, i gcomparáid leis an naimhdeas i dtreo cheannaire an pháirtí, Micheál Martin, ó chomhaltaí sinsearacha an pháirtí a bhraith go raibh siad á bhrú ar leataobh.
Ach, anois tá Chambers ag imirt leis na buachaillí móra, agus nuair a tháinig sé isteach sa Dáil, an tseachtain seo, agus é lán-sásta mar an tAire Airgeadais nua-cheaptha, atá óg agus díograiseach, bhí ráiteas simplí le déanamh aige: bhí an buiséad á thabhairt ar aghaidh seachtain amháin aige.
Sin é.
‘Seafóideach!,’ a dúirt Pearse Doherty ó Shinn Féin faoin ráiteas sin. Agus laistigh de nóiméid bhí an chaint ar fad ar thoghchán luath i mí Dheireadh Fómhair agus ar Bhuiséad Bronntanais (giveaway budget).
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt an tUasal Chambers go mbeadh an Buiséad ar an 1 Deireadh Fómhair toisc gurbh é an ‘dáta nádúrtha’ é – mar gheall ar ghealltanais aireachta (ministerial duties) san Eoraip an tseachtain dár gcionn.
‘Ní mór dúinn ár n-aighneacht fhioscach agus buiséadach (fiscal and budgetary submission) a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 15 Deireadh Fómhair, agus an tseachtain roimhe sin beidh mé féin agus an tAire [Chaiteachas Poiblí Paschal] Donohoe araon ag freastal ar Ecofin agus ar chruinniú an Ghrúpa Euro, mar sin is rud nádúrtha é an 1 Deireadh Fómhair an dáta le Buiséad 2025 a bheith againn,’ a dúirt sé.
Ba chosúil gur leithscéal lag é sin. Mar sin féin, diúltaigh (dismiss) an tUasal Chambers tuairimíocht go mbeadh olltoghchán go luath, ag rá go bhfuil an Rialtas ‘go hiomlán tiomanta’ dá théarma iomlán a bheith acu.
Dúirt sé freisin go gcaithfí an Bille Airgeadais agus an Bille Leasa Shóisialaigh a thabhairt isteach i bhfad tar éis an 1 Deireadh Fómhair.
Dúirt Urlabhraí Airgeadais de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty, áfach, go raibh sé ‘seafóideach’ a mhaíomh go bhfuil dáta an Bhuiséid á athrú mar gheall ar ‘chruachás féilire (calendar crisis) san Eoraip’.
Dúirt sé: ‘Is í Meán Fómhair an mhí ríthábhachtach maidir le cánachas. Tá tú ag dul isteach sa Bhuiséad seo gan féachaint ar fhigiúirí ioncaim agus caiteachais mhí Mheán Fómhair.’
Tá sé seo chun ‘an bealach a réiteach do thoghchán luath. Bímis fíor faoi. Sílim go bhfuil tú ag glacadh leis an bpobal mar amadán,’ a dúirt Doherty.
Diúltaigh an tUasal Chambers an t-éileamh sin. Agus chuir sé ‘contrárthacht iomlán’ i leith an Uasail Doherty agus ‘toghchán á ghairm aige gach lá den tseachtain’.
Leis sin d’fhág na himreoirí an pháirc.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.