Tá Nicola Peltz chun agairt a dhéanamh ar an ‘groomer’ mar gheall ar bhás a chihuahua

02/07/2024

Tugadh chihuahua Peltz agus a fear céile Brooklyn Beckham chuig an tréidlia (vet) ach fuair sí bás níos déanaí

Tá Nicola Peltz, iníon-chéile David Beckham, ag beartú caingean dlí in aghaidh ‘groomer’ madraí tar éis bhás a peata.

Tá dlíodóir fostaithe ag Peltz agus tá sé beartaithe aici ‘dul i ndiaidh na cuideachta ‘groom’ atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.

Is aisteoir í Ms Peltz, atá 29 bliain d’aois, atá pósta ar an mac is sine ag David agus Victoria Beckham, Brooklyn, atá 25 bliain d’aois.

Nicola Peltz agus a chihuahua Nala
Nicola Peltz agus a chihuahua Nala

Dúirt sí, ar na meáin shóisialta, gur ‘síoraíocht (eternity)’ é gach lá gan an chihuahua Nala.

D’áitigh foinsí don láithreán gréasáin, TMZ, nach raibh díoltas á spreagadh.

Dúirt siad go bhfuil sí ag iarraidh cosc ​​a chur ar a leithéid de thragóid tarlú do dhuine eile.

Deirtear gur fhreastail na ‘groomers’ ar an teach ina raibh Peltz, agus go raibh Nala ina veain ag an am.

Nuair a bhailigh Peltz an madra is cosúil go raibh sé ‘hiperventilating’ agus ní raibh sí in ann a anáil a ghabháil’. Thug sí chuig tréidlia éigeandála (emergency vet) é.

Fuair ​​Nala bás cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.

Mhaígh Peltz, ar na meáin shóisialta, go ndearna tréidlia measúnú ar an madra le déanaí agus gur dhearbhaigh sé go raibh sé ‘fíorshláintiúil’.

Tá Ms Peltz ag lorg freagraí faoi am Nala leis an ‘groomer’.

Ní raibh ceamaraí ar bith i veain na groomers, áfach.

Nicola le Brooklyn
Nicola le Brooklyn

‘Tá sé seo á roinnt agam le súil go bhféadfadh sé seo a chosc ó tharlú do mhadraí eile,’ a dúirt sí ar Instagram.

‘Mothaíonn lá amháin gan Nala ar domhan mar shíoraíocht.’

Dúirt sí: ‘Tá mo chroí briste. Tá an scéal á fhiosrú agam go dícheallach le fáil amach cad go díreach a tharla i veain an “groomer” sin.’

Chuaigh a fear céile chuig na meáin shóisialta an 15 Meitheamh chun bás an mhadra a fhógairt, ag rá: ‘A Nala, a chara, is fada uainn thú.

‘Ba tú an cailín beag ba gleoite agus smaoineoimid ort i gcónaí.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram