Fáilte Uí Cheallaigh! Spléachadh (glimpse) taobh istigh de theach athchóirithe Kellie Harrington agus a bean chéile Mandy

29/06/2024

Tá Kellie Harrington ag traenáil go dian chun iarracht a dhéanamh an dara bonn óir Oilimpeach a bhuachan – ach tá obair tí fós le déanamh!

Cibé rud a tharlóidh le Kellie Harrington sna Cluichí Oilimpeacha, beidh Céad Míle Fáilte speisialta aici nuair a thiocfaidh sí abhaile.

Tá sí ‘ag tnúth go mór le go leor cuimhní cinn iontacha’ a dhéanamh lena bean chéile Mandy tar éis na gCluichí Oilimpeacha.

Agus thug laoch na dornálaíochta spléachadh taobh istigh dá teach nua-athchóirithe (newly renovated), dá lucht leanúna.

Is cinnte gur athraigh an obair chrua an teach go hiomlán, mar is léir ó na hathruithe ar an halla agus ar an mbealach isteach
Is cinnte gur athraigh an obair chrua an teach go hiomlán, mar is léir ó na hathruithe ar an halla agus ar an mbealach isteach

Roinn an buaiteoir bonn Óir Oilimpeach sraith gearrthóg laistigh den teach nua-athchóirithe, ag rá gur thóg a dteach go leor ama agus oibre –  ach b’fhiú é.

Is cinnte gur athraigh an obair chrua an teach go hiomlán, mar is léir ó na hathruithe ar an halla agus ar an mbealach isteach, sna pictiúir anseo.

Agus tá gné ar leith ag an doras tosaigh bándearg, le binse taobh amuigh, gné go speisialta do Kellie – bosca litreacha dubh a bhfuil na cúig fháinne  Oilimpeach air.

Taobh istigh, chuaigh Kellie agus Mandy le haghaidh éifeacht mhonacrómach (monochrome effect), le tíleanna dubh agus bán agus ballaí agus doirse bána.

Kellie ag baint an phéint as an mballa lasmuigh chun bloic iontach a nochtadh
Kellie ag baint an phéint as an mballa lasmuigh chun bloic iontach a nochtadh

Roinn Kellie roinnt gearrthóga (clips) ó na hathchóirithe (renovations) freisin, lena n-áirítear pictiúr di féin ag baint an phéint as an mballa lasmuigh chun bloic iontach a nochtadh.

Is gné álainn anois na bloic den taobh amuigh de bhaile Kellie agus Mandy.

‘Fís a thóg am, fís a dúirt go leor go raibh mé as mo mheabhair a dhéanamh, ach fís a bhfuil áthas orm go bhfuilimid ag tabhairt i gcrích,’ a scríobh an dornálaí Oilimpeach.

kellie agus mandy
Kellie agus Mandy

‘Táim ag súil go mór le go leor cuimhní cinn iontacha a dhéanamh le @mandypandie_pie tar éis na gCluichí Oilimpeacha.

‘Home is wherever and what you make it,’ a dúir Kellie.

Fuair sí go leor teachtaireachtaí comhghairdeas ó go leor daoine cáiliúla.

Mhol an dearthóir baile teilifíse Dermot Bannon an saothar agus scríobh sé: ‘Maith thú!!!!’

Bosca litreacha dubh a bhfuil na cúig fháinne Oilimpeach air
Bosca litreacha dubh a bhfuil na cúig fháinne Oilimpeach air

Dúirt iar-réalta chamógaíochta Chorcaí Anna Geary: Aaaaaamazing @kelly_harrington14. ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin.’

Tá an dornálaí as Portland Row ag iarraidh a dara bonn óir Oilimpeach as a chéile a fháil sa chatagóir 60kg i bPáras i mí Lúnasa.

Tosaíonn na Cluichí ar 26 Iúil agus chomh maith le Kellie, tá cúigear dornálaí Éireannacha eile cáilithe.

Mhol an dearthóir baile teilifíse Dermot Bannon an saothar agus scríobh sé: ‘Maith thú!!!!’
Mhol an dearthóir baile teilifíse Dermot Bannon an saothar agus scríobh sé: ‘Maith thú!!!!’

Is iad Michaela Walsh (57kg), Aoife O’Rourke (75kg), Dean Clancy (63.5kg), Jack Marley (92kg), agus Jude Gallagher (57kg).

Seo é an chéad uair ag foireann na hÉireann na ranganna meáchain ban ar fad a líonadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram