Paschal, An Caiteachas Kid, réidh le haghaidh Swifty

28/06/2024

Tá na ‘cowboy hats at the ready’ ag  Áirí Rialtais don Swift gig

Ní inár ‘Wildest Dreams’ a cheapamar go raibh ‘Love Story’ ag ár ‘Anti-Hero’, An Caiteachas Kid Donohoe, do Taylor Swift.

Ach beidh an tAire Caiteachas Poiblí ag ceann de na gigeanna an deireadh seachtain seo.

Agus ní hé an t-aon Swifty sa Chomh-Aireacht (Cabinet) atá ag tnúth le ceolchoirm an Taylor Swift thar an deireadh seachtaine.

catherine martin46
Catherine Martin

Tá sé ráite ag an Aire Meáin Catherine Martin go bhfuil a ‘cowboy hat’ aici le dul, agus tabharfaidh sí a hiníon, ‘atá ina Swiftie’, chuig an Aviva.

Tá Swift ag tabhairt a camchuairt Eras go Baile Átha Cliath, a mheallfaidh breis is 150,000 leantóir chuig na trí sheó – agus tá na ticéid ar fad díolta.

Dúirt Donohoe go mbeadh sé ‘ag streachailt’ an t-amhrán is fearr leis a phiocadh, ach tá grá ar leith aige dá halbam nua, The Tortured Poets Department.

‘Sílim go bhfuil sé lán d’fhoinn iontacha,’ a dúirt Donohoe.

‘Fíor-fhorbairt is ea é ar chuid dá cuid ceoil eile freisin, agus bhí mé ag éisteacht leis an liosta seiteanna anois – nó leis an liosta seiteanna féideartha – le cúpla seachtain anuas.

‘Tá sí feicthe agam cheana féin, nuair a bhí sí in Éirinn an uair dheireanach agus is feiniméan popcheoil nua-aimseartha í.’

Taylor Swift
Taylor Swift

Idir an dá linn, tugadh foláireamh do lucht na ceolchoirme faoi ghanntanas tacsaí a d’fhéadfadh a bheith ann an deireadh seachtaine seo mar gheall ar an líon mór imeachtaí atá ar siúl, lena n-áirítear, chomh maith le gigeanna Swift – Longitude, Shania Twain agus ceolchoirmeacha i bPáirc Fionnradharc (Fairview Park), chomh maith le Paráid Bróid i mBaile Átha Cliath agus cluichí ceathrú ceannais Chraobh Shinsear Peile CLG i bPáirc an Chrócaigh.

Tabharfaidh siad seo 600,000 duine isteach sa phríomhchathair an deireadh seachtaine seo amháin.

Is cúis mhór imní freisin do na Swifties, agus iad ag eitilt isteach, stailc na bpíolótaí Aer Lingus.

An Caiteachas Kid Donohoe
An Caiteachas Kid Donohoe

Dúirt an tAire Martin: ‘Is cinnte gur ábhar imní é don turasóireacht, agus don turasóireacht níos leithne, lena n-áirítear na ceoltóirí a thagann isteach, agus bheifeá ag súil go bhfanfaidh siad ar feadh tréimhse fada, ní hamháin eitilt isteach le haghaidh ceolchoirme.’

Dúirt an tAire gur chuir sí fáilte roimh na cainteanna a bhí ar siúl idir ceardchumann na bpíolótaí agus Aer Lingus agus d’iarr sí ar an dá thaobh dul i ngleic i ndáiríre.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram