Sop in áit na scuaibe? Níl lucht leanúna Joe Wicks sásta l’ainm a linbh nua

27/06/2024

Chuir an cóitseálaí coirp agus réalta YouTube Joe Wicks tús le díospóireacht ollmhór ar na meáin chumarsáide nuair a phostáil sé ainm a mhic nua

Tá ainm a linbh nua curtha suas ag réalta na meáin shóisialta, Joe Wicks, ach d’fhág sé go raibh roinnt lucht leanúna ag ceistiú a rogha!

Chuir an cóitseálaí coirp –  a bhain cáil amach trí fhíseáin oidis 15 nóiméad (15-minute recipes) a phostáil ar na meáin shóisialta – fáilte roimh bhuachaill beag lena bhean Rosie Jones, an 17 Meitheamh.

7 lb 13 unsa a mheáigh an leanbh. Agus bhí mamaí agus leanbh sláintiúil, mar sin ba é an chéad rud eile a bhí le déanamh ag na tuismitheoirí ná ainm a phiocadh – is ag an am sin a thosaigh an trioblóid.

Joe Wick, Rose agus an triúr leanaí is sine acu
Joe Wick, Rose agus an triúr leanaí is sine acu

Tá Wicks –  a d’fhás a bhranda le bheith ar cheann de na cuntais aclaíochta is mó a leantar ar Instagram agus YouTube –  anois ina athair do cheathrar leanaí le Rosie.

Is tuismitheoirí iad cheana féin do mhac eile, Marley, agus dá n-iníonacha Leni agus Indie.

Chuir Wicks fáilte leis an leanbh nua chuig an teaghlach i bpictiúr dá leanaí go léir ina suí ar bhinse adhmaid, agus an leanbh nua ag an duine ba shine. Scríobh sé san fhotheideal: ‘Indie, Marley, Leni & Dusty’.

D’fhéadfadh gur spreag ceol tíre nó scannáin ‘Westerns’ ainm an linbh mar gur roinn sé emoji den hata buachaill bó tar éis an t-ainm Dusty.

Ní raibh an t-ainm Dusty an-tógtha le cuid dá lucht leanúna, áfach, agus scríobh duine amháin: ‘Love ya Joe but come on! Dusty?’

Dúirt duine eile le Wicks: ‘Tá do pháistí go hálainn agus is breá liom na hainmneacha go dtí seo ach … níl mé chomh cinnte faoi Dusty. Tá súil agam nach mbeidh fuath aige do nuair a bheidh sé ag éirí aníos.’

D’aontaigh an tríú duine ag rá: ‘Dusty!! Nílim cinnte an dtabharfaidh sé buíochas duit as sin nuair a bheidh sé níos sine’.

Joe agus an leanbh
Joe agus an leanbh

Ach thaitin rogha na n-ainm le go leor eile, agus scríobh duine amháin: ‘Dusty Wicks is now my fave celeb name.’

Tháinig Dusty isteach sa saol nuair a bhí toircheas (pregnancy) deacair ag Rosie agus bhí faitíos ollmhór ar an lánúin i mí Feabhra, nuair a bhí uirthi ‘appendectomy’ a fháil.

Buíochas le Dia d’fháiltigh sí roimh bhuachaill sláintiúil agus b’fhéidir go bhfuil an lánúin fós ag iarraidh a dteaghlach a leathnú amach anseo mar a dúirt siad roimhe seo go bhfuil seisear leanbh uathu.

Tá Wicks agus Rosie le chéile ó 2016 agus phós siad in 2019.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram