Chuaigh seisear fear le sceana ‘sa tóir ar thriúr fear aerach’ i bPáirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) 

20/06/2024

Mí Bród atá ann ach labhraíonn Seanadóirí amach faoi bhagairt foréigin ar thriúr fear, agus masla atá fós ann ó ‘ionadaithe tofa’ don phobal LGBTQ+ 

Bhí seisear fear, a bhí armtha le sceana (knives), ‘ag fiach’ ar thriúr fear aerach’ i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, mar gheall ar a ngnéasacht, de réir tuairisce san Irish Times. 

Bhí na fir ag siúl tríd an pháirc Dé Máirt nuair a chuathas i dteagmháil leo, dúradh leis an Seanad. 

Dúirt Seanadóir ó Fhine Gael, Barry Ward, gur chuir duine de na fir in iúl dó go raibh sé sa pháirc le beirt dá chairde nuair a tháinig grúpa fear a raibh blas Átha Cliath orthu i dteagmháil leo. 

Bagairt ar triúr fear i bPáirc an Fhionnuisce
Bagairt ar triúr fear i bPáirc an Fhionnuisce

‘Chuathas sa tóir orthu,’ a dúirt an tUasal Ward. Dúirt sé gur imigh na fir, ‘ach tá a fhios ag Dia cad a tharlódh murach sin’. 

D’fhiafraigh an tUasal Ward: ‘Cad atá ar siúl ar domhan go dtarlaíonn sé seo go fóill in Éirinn sa bhliain 2024, nuair a d’aithin gach gnáth duine go bhfuil normáltacht na gcaidrimh ghnéis idir daoine den inscne chéanna nó den ghnéas céanna?’ 

Labhair sé faoi mhí an Mheithimh mar mhí Bhróid agus a fhéile mhór ar siúl ar an 28ú. 

Chuir ceannaire sealadach an tSeanaid, Fiona O’Loughlin, síos ar an eachtra mar rud ‘uafásach’. 

Dúirt sí: ‘Tá ár reachtaíocht (legislation) athraithe againn. Ar an drochuair, tá daoine ann nár athraigh a n-intinn agus a gcroí.’ 

Chuir sí imní in iúl go bhfuil roinnt comhairleoirí a toghadh sna toghcháin áitiúla a bhí maslach don phobal LGBTQ+. 

Dúirt sí: ‘Tá fianaise feicthe agam go bhfuil comhairleoir amháin den sórt sin, cinnte go bhfuil sé homafóbach agus ag glaoch ainmneacha ar dhaoine nach ndéarfaidh mé arís sa Teach seo. 

Sanadóir Barry Ward ag labhairt amach go láidir
Sanadóir Barry Ward ag labhairt amach go láidir

‘Tá tasc mór againn sa tsochaí agus caithfimid gach rud is féidir linn a dhéanamh.’ 

D’fhiafraigh an tUasal Ward cén fáth nach bhfuiltear ag déileáil le heachtraí mar seo.  

‘Cuirim an cheist sin mar nuair a chuaigh an triúr chara chuig na gardaí, dúradh leo nach raibh CCTV ann agus nach raibh siad in ann an slua a aithint. Níl sé sin maith go leor,’ a dúirt sé. 

Dúirt sé gur cheart, ar a laghad, patróil a bheith sa pháirc le daoine a chosaint. 

Más gá, ‘tá gá le breis oideachais do na maoir pháirce nó do ghardaí eile atá i láthair i bPáirc an Fhionnuisce chun daoine a chosaint’. 

Dúirt sé: ‘Feicimid tuairiscí i bhfad ró-rialta faoi dhaoine a ionsaíodh mar gheall ar a ngnéasacht nó go ndearnadh masla orthu ar an tsráid. 

‘Gnáthdhaoine iad seo a bhíonn ag siúl síos an tsráid agus lámha le chéile acu, ag fáil drochíde ó bhéal ó dhaoine nach dtuigeann go bhfuil siad i dteideal é sin a dhéanamh,’ a dúirt sé. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram