

Ba chóir d’Éirinn an rogha a thabhairt do lucht fágála scoile óga a bheith ina manaigh, a deir Tommy Tiernan.
Agus líon na bhfear atá ag cur isteach ar an tsagartacht san Eaglais Chaitliceach ag dul i laghad chomh fada le leibhéil ghéarchéime, dúirt an fear grinn: ‘Ba cheart go mbeadh sé ina rogha ag gasúir óga agus mná óga atá ag fágáil na scoile.’
Tá Tiernan, atá 55 bliain d’aois, ag moladh an fealsamh John Moriarty as Ciarraí.
Scríobh Moriarty roinnt leabhar a rinne iniúchadh ar an gCríostaíocht, ar mhiotas agus ar éiceolaíocht agus chaith sé am sa saol acadúil sula ndeachaigh sé chun cónaí i mainistir Carmelite i Sasana.

Rinne Tiernan, arb as an Uaimh (Navan), Co. na Mí (Meath) é, a thuairimí faoin tsagartacht tar éis dó féin agus a chomhghleacaí Ardal O’Hanlon – chomh maith le láithreoir an Late Late Show Patrick Kielty – a bheith i láthair leis an bPápa Proinsias Dé hAoine seo caite.
Creideann Tiernan, atá ina athair do sheisear clainne, go bhfuil Moriarty ar comhchéim le Naomh Pádraig ó thaobh tionchair de.
Mar sin féin, rinne sé comparáid freisin idir é agus fealsamh Búdaíoch Seapánach an 13ú haois, Dogen Zenji, agus an diagaire (theologian) Gearmánach Meister Eckhart.
Dúirt sé leis an Irish Times: ‘Bhí John Moriarty ag iarraidh go ndéanfaí saol an Iarthair a thréigean agus bealach smaointeoireachta an Iarthair a thréigean, agus tosú arís, chun ár n-intinn agus ár gcroí a athbhunú.’
Dúirt Tiernan: ‘Is iontach an rud é a bheith i do Chaitliceach mar níl aon duine ag súil go mbeidh tú cosúil le hÍosa.
‘Tá an tuiscint agam nach drochsmaoineamh é an Caitliceachas mar fhorógra (manifesto) sóisialta – tosaíocht a thabhairt do dhaoine laga, agus grá a éileamh.

‘Is éard atá i gceist agam, cathain a chuala tú grá luaite in óráid ó pholaiteoir?
‘Is cosúil gur grá an rud atá as láthair ó go leor léirithe den Chríostaíocht.’
Agus dúirt sé: ‘Mar sin, tá mé ag glaoch ar na daoine naofa go léir! Ag glaoch ar na daoine naofa go léir atá saor ó mhorgáistí agus ó uaillmhianta tuata (secular ambitions).’
Beidh Deireadh Seachtaine Fhéile John Moriarty ar siúl an deireadh seachtaine seo i Maigh Bhána (Moyvane), Co Chiarraí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.