Tá baghcat déanta ag an mbanna ceoil Éireannach Pillow Queens ar an bhféile chomh maith le CMAT toisc go bhfuil sé urraithe ag Banc Barcalys ‘a thacaíonn le comhlachtaí Iosrael’
Tá an t-amhránaí Éireannach CMAT tar éis éirí as an bhféile sa Bhreatain, Latitude, mar gheall ar urraíocht a rinne sé le Banc Barclays agus i ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne.
Tharraing an banna ceoil Éireannach Pillow Queens siar ón bhféile freisin, a bhfuil Duran Duran, Kasabian agus Keane le bheith ann.
Dúirt an t-amhránaí CMAT (Ciara Mary-Alice Thompson), a chas Say Something, go bhfuil sí a fhógairt nach mbeidh sí ag sheinm ar an féile i Suffolk a thuilleadh, mar nach bhfuil urraitheoir eile aimsithe acu in ionad Barclays.
I ráiteas ar Instagram, dúirt CMAT go bhfuil an banc ag ‘méadú ar a gcuid maoinithe do chuideachtaí éagsúla atá ag soláthar airm agus teicneolaíocht mhíleata d’Iosrael’ agus nach bhféadfadh sí a bheith ag an fhéile a thuilleadh dá bharr.
‘Chuir mé in iúl do Latitude cad é an cinneadh a bheadh i gceist agam seachtainí ó shin,’ a dúirt sí.
Bhí sí ag súil go n-aistreodh Latitude ó Barclays nó go n-aimseofaí urraitheoir eile..
‘Níor tharla sé sin agus tá sé curtha in iúl dom nach mbeidh mé ann.
‘Mar sin de, táim ag tarraingt amach go hoifigiúil anois. Ní ligfidh mé do m’obair luachmhar, mo cheol, a bhfuil an oiread sin grá agam dó, dul i mo luí faoi fhoréigean.’
Shínigh níos mó ná 200 ealaíontóir ráiteas oscailte roimhe seo ag iarraidh ar fhéile Brighton The Great Escape an banc a scaoileadh mar chomhpháirtí.
Dúirt an t-amhránaí a rugadh i gContae na Mí go bhfuil sí ‘thar a bheith croíbhriste’ as an bhfógra a sheoladh tar éis don fhéile ceann de na chéad léirithe móra féile a thabhairt di i 2021 agus go raibh sí ag tnúth le bheith ann.
Ghabh sí leithscéal leis an lucht leanúna.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil