Gabhann an Pápa a leithscéal as ‘slur’ ‘homafóbach’ a úsáid ag cruinniú príobháideach

28/05/2024

Bhí an Pápa ag caint le heaspaig faoi fhir aeracha a bheith páirteach i seimineáir agus deir tuairiscí nach raibh a fhios aige go raibh an focal maslach

Ghabh an Vatacáin a leithscéal tar éis an úsáid a bhain an Pápa Proinsias as ráiteas homafóbach i gcomhráití le roinnt easpaig.

Bhain na cainteanna le fir aeracha a ligean isteach i seimineáir.

Léirigh an Pápa na tuairimí faoi fhir aeracha le linn cruinnithe le heaspaig na hIodáile, an 20 Bealtaine.

Dúirt cuid de na heaspaig gur úsáid sé an téarma ‘frociaggine’ — focal Iodálach atá maslach i leith fir aeracha.

Chuir an Pápa i gcoinne líon na bhfear aerach atá ag dul isteach i seimineáir freisin.

Tá an Pápa liobrálach i leith daoine LGBTQ+ san eaglais ó tháinig sé isteach i 2013.

Dúradh i ráiteas ón Vatacáin nach raibh sé i gceist aige riamh an téarma a úsáid ná chun masla a dhéanamh.

Ó tháinig  sé isteach, tar éis éirí as Benedict XVI, tá an Pápa Proinsias ag déanamh fáiltiú níos fearr roimh bhaill an phobail LGBTQ+.
Ó tháinig  sé isteach, tar éis éirí as Benedict XVI, tá an Pápa Proinsias ag déanamh fáiltiú níos fearr roimh bhaill an phobail LGBTQ+.

Thug tuairiscí le fios nár thuig an Pápa Proinsias, arbh é an Spáinnis a chéad teanga, cé chomh maslach is atá an téarma.

‘Tá an Pápa Proinsias ar an eolas faoi na hailt a foilsíodh le déanaí faoi chomhrá, taobh thiar de dhoirse dúnta, le heaspaig an CEI [Comhdháil na hEaspag Caitliceach san Iodáil],’ a dúirt an ráiteas.

‘Mar a dúirt sé go minic “Tá áit san Eaglais do chách, do chách! Níl aon duine gan úsáid, níl aon duine iomarcach, tá áit ann do gach duine. Díreach mar atá muid, gach duine againn.”

‘Ní raibh sé i gceist ag an bPápa é féin a chur in iúl i dtéarmaí hómafóbacha, agus gabhann sé leithscéal leo siúd a bhraith go raibh cion acu ar úsáid téarma a thuairiscigh daoine eile.’

Ó tháinig  sé isteach, tar éis éirí as Benedict XVI, tá an Pápa Proinsias ag déanamh fáiltiú níos fearr roimh bhaill an phobail LGBTQ+.

Dúirt sé, i dtús a thréimhse: ‘Má tá duine aerach agus go bhfuil sé ag iarraidh Dé agus go bhfuil dea-thoil aige, cé mise chun breith a thabhairt?’

D’athdhearbhaigh sé an seasamh seo i 2016, nuair a dúirt sé: ‘Dearfaidh mé arís an méid atá le rá i gCaiticis na hEaglaise, nár cheart idirdhealú a dhéanamh i gcoinne daoine LGBTQ+.’

I 2018, áfach, thug sé rabhadh d’easpaig na hIodáile seiceáil chúramach a dhéanamh ar dhaoine a rinne iarratas ar an tsagartacht, agus diúltú dóibh má tá amhras orthu go bhfuil siad aerach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram