Cuireann rialtas Biden pacáiste $1billion arm chun cinn d’Iosrael i measc teannas faoi Rafah

Pacáiste i bpróiseas athbhreithnithe Comhdhála (congressional review) tar éis do Biden moill a chur ar arm ar feadh tamaill

Tá rialtas Joe Biden ag ullmhú le tuilleadh cabhrach míleata a thabhairt d’Iosrael cé go leanann na hionsaithe ar Gaza ar aghaidh.

D’aistrigh Roinn Stáit na Stát Aontaithe pacáiste cúnaimh airm $1bn d’Iosrael isteach sa phróiseas athbhreithnithe chomhdhála (congressional review), de réir foinsí rialtais i Washington.

Dúirt an tUachtarán Joe Biden an tseachtain seo caite go raibh moill curtha aige ar arm mar gheall ar imní go bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh ionradh mór ar Rafah, baile i ndeisceart Gaza.

 Tá Biden ag rá le Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu gan ionradh a dhéanamh ar Rafah
 tá Biden ag rá le Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu gan ionradh a dhéanamh ar Rafah

Mar sin féin, tá fórsaí Iosrael ag ionsaí Rafah le cúpla lá anuas, agus ar an gCéadaoin chuaigh a tancanna chun cinn níos faide isteach in oirthear Rafah, ag teacht ar roinnt ceantair chónaithe.

Thuairiscigh finnéithe go bhfaca siad tancanna ag trasnú isteach i gcomharsanachtaí na Brasaíle agus Jneina.

‘Tá siad ar na sráideanna taobh istigh den cheantar faoi fhoirgnimh agus bíonn troideanna ann,’ a dúirt duine amháin.

Dúirt oifigeach de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil Iosraeli thart ar 2km óna oifig.

Dúirt comhairleoir slándála náisiúnta an Teach Bán, Jake Sullivan, áfach, go leanfaidh na Stáit Aontaithe orthu ag soláthar an chúnaimh mhíleata atá i bpacáiste $26 billiún a aontaíodh an mhí seo caite.

Maíonn an Teach Bán gur stop siad roinnt arm ag dul go hIosrael mar, ‘ní chreidimid gur cheart iad a úsáid i gcathracha dlúthdhaonra (densely populated)’.

Dúirt na hIosraeilítigh, áfach, go n-ionsódh siad ceantair dhaonra, agus rinne siad amhlaidh roimhe seo.

Theith idir 360,000 agus 500,000 Palaistíneach ó Rafah le seachtain anuas tar éis rabhadh ó Iosrael dóibh comharsanachtaí oirthear agus láir a aslonnú roimh ionsaithe a bhfuiltear ag súil le tosú go luath.

In ainneoin an chabhair mhíleata a sholáthar, tá Biden ag rá le Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu gan ionradh a dhéanamh ar Rafah gan cosaintí do shibhialtaigh, seacht mí isteach i gcogadh a rinne scrios ar Gaza.

Tá tacaíocht Biden d’Iosrael tagtha chun cinn anois mar dhliteanas (liability) polaitiúil don uachtarán, go háirithe i measc na nDaonlathaithe óga, agus é ag seasamh don atoghadh i mbliana.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram