

Tá Ospidéal na hOllscoile, Luimneach (UHL) fós ar an ospidéal is plódaithe sa tír, fiú tar éis d’ionchoisne (inquest) a thaispeáint an chaoi a bhfuair Aoife Johnston bás agus í ag fanacht le cóireáil (treatment) a fháil ann.
Léiríonn na figiúirí is déanaí go raibh 11,000 othar gan leaba in ospidéil ar fud na tíre an mhí seo caite (Aibreán), de réir figiúirí atá curtha le chéile ag Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO).

Áirítear 258 leanbh san fhigiúr do mhí Aibreáin, 11,070, an líon is airde riamh.
Agus ba é an t-ospidéal is mó plódú i mí Aibreáin ná Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, le 1,971 othar.
D’admhaigh príomhfheidhmeannach (chief executive) an HSE Bernard Gloster, an tseachtain seo, gur ‘theip’ an tseirbhís sláinte ar Aoife Johnston, a bhí 16 bliana d’aois, agus gur sin an fáth go bhfuair sí bás.
Ghabh an tUasal Gloster a leithscéal le teaghlach Aoife ar son na seirbhíse sláinte ar an gclár This Week ar RTÉ Raidió Dé Domhnaigh.
Tugadh Aoife chuig Ospidéal na hOllscoile, Luimneach Dé Sathairn, 17 Nollaig 2022, tar éis do dhochtúir teaghlaigh í a atreorú (referred) ann mar go raibh amhras air go raibh sepsis uirthi.
Chuala a ionchoisne go bhfuil ar ospidéil cóireáil a chur ar othair sepsis laistigh de 10 go 15 nóiméad. Mar sin féin, ní dhearna UHL Aoife a thriageáil ar feadh breis agus uair an chloig.
Cuireadh síos ar UHL mar ‘zón cogaidh’ ar an oíche sin.
In ainneoin go raibh sí rangaithe mar othar sepsis, d’fhan Aoife 12 uair sa bhreis ar dhochtúir chun scrúdú a dhéanamh uirthi.

Dúirt Rúnaí Ginearálta INMO, Phil Ní Sheaghdha: ‘Is léir go bhfuil an leibhéal seo plódaithe le feiceáil againn i mí Aibreáin nach bhfuil aon cheacht foghlamtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) maidir le líon na n-othar ar thralaithe (trolleys) a laghdú.
‘D’imigh líon na n-othar a ligeadh isteach gan leaba faoi bhun 400 ar aon lá amháin ach ar aon ócáid amháin, agus bhí breis agus 600 othar ar thralaithe cúig huaire le linn na míosa.
Ba iad na cúig ospidéal ba mhó plódaithe i mí Aibreáin ná: Ospidéal na hOllscoile, Luimneach (1,971 othar), Ospidéal na hOllscoile Gaillimh (1,208 othar), Ospidéal Ollscoile Chorcaí (1,096 othar), Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann (650 othar) agus Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn (594 othar).
Dúirt an INMO go mbíonn figiúirí tralaí do mhíonna an gheimhridh níos airde ná sin go minic. I mí Eanáir bhí sé ar 12,132.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.