Daonlathas faoi ionsaí: Bagairt báis do Paul Murphy TD

30/04/2024

Bhí fir le maisc agus bagairtí buama ag tithe airí cheana féin … agus anois tá teachtaireacht ‘RIP’ chuig an TD Paul Murphy in aice le teach a theaghlach

Is é an Sóisialaí Paul Murphy TD an polaiteoir tofa is déanaí atá faoi bhagairt scanrúil gar do theach a theaghlach.

Tharla sé tar éis gníomhartha foréigin agus bagairtí méadaithe ó ghrúpaí den eite dheis.

Go dtí le déanaí bhí ionsaithe dóiteáin ar óstáin agus foirgnimh thréigthe chun lóistín a sholáthar do dhídeanaithe – áfach, tá polaiteoirí féin agus a dteaghlaigh faoi ionsaí anois.

Is é an ceann is déanaí ná bagairt báis don TD Paul Murphy ó Bhaile Átha Cliath. Bhí teachtaireacht bhagrach ar bhalla gar don teach a roinneann sé lena bhean chéile agus a leanbh óg.

Paul Murphy TD
Paul Murphy TD

Is é an Teachta Dála Pobal Roimh Bhrabús, do Bhaile Átha Cliath Thiar Theas, an t-ionadaí tofa is déanaí a cuireadh faoi bhagairtí agus imeaglú i mí Aibreáin.

Roinn an tUasal Murphy íomhá de bhalla suite gar dá theach ar X, a raibh na focail ‘Paul Murphy RIP’ péinteáilte air.

Scríobh Murphy: ‘Oíche Sathairn, péinteáilte é seo 5 nóiméad siúil ó mo theach.

‘Ní bheidh imeaglú orm. Leanfaidh mé ag cur i gcoinne iad siúd a dhéanann iarracht gnáthdhaoine a scaradh óna chéile agus fuath a scaipeadh.

‘Ní mór dúinn aontú i gcoinne na ndaoine atá freagrach as géarchéimeanna tithíochta, sláinte agus aeráide,’ a scríobh sé.

Tá teagmháil déanta ag ExtraG.ie leis an Uasal Murphy le haghaidh tuilleadh tuairimí.

B’éigean teaghlach óg an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee a aslonnú (evacuate) as a dteach an tseachtain seo caite tar éis bagairt buama déanach san oíche.

Ní raibh Ms McEntee sa bhaile nuair a rinneadh an dá bhagairt ar an nguthán, ach bhí a fear céile agus beirt leanbh óga ann.

Bhí dhá ghlao gutháin ar leith ann, agus tar éis don dara rabhadh a bheith tugtha do charthanacht na Samáraigh (Samaritans) go gairid roimh mheán oíche, chinn na Gardaí fear céile agus leanaí an Aire McEntee a bhaint den réadmhaoin.

Rinneadh cuardach i dteach Ms McEntee agus níor thángthas ar aon fheiste phléascach.

Níos luaithe sa mhí, glaodh ar ghardaí tar éis do shlua agóide teacht le chéile taobh amuigh de theach an Aire Roderic O’Gorman.

Thaispeáin píosaí scannáin a roinneadh ar na meáin shóisialta grúpa fear le maisc taobh amuigh dá theach i mBaile Átha Cliath Thiar ag thart ar 8pm.

Leagadh ráillí theach an Aire le bratacha ar a raibh ‘South Dublin Says No’ agus ‘Dún na Teorainneacha’ ann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram