

Milleadh múrmhaisiú (mural) den Éireannach, Monsignor Hugh O’Flaherty a shábháil na mílte beatha sa Róimh ó na Naitsithe.
Chabhraigh O’Flaherty, a d’fhás aníos i gCill Airne, le saolta breis agus 6,500 Giúdach agus saighdiúir de chuid na gComhghuaillithe (Allied soldiers) a shábháil le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Agus tá múrmhaisiú (mural) ina onóir ar Bhóthar Matt Talbot i dTrá Lí.
Mar sin féin, loit duine éigean an múrmhaisiú le croiméal (moustache) scuab fiacla, cosúil leis an gceann a bhí ag Hitler, ar aghaidh Monsignor O’Flaherty.
Agus scríobh siad na focail ‘Hitler this’ ann.
Cháin ealaíontóir an mhúrmhaisiú, Mary J Leen, an loitiméireacht.
Dúirt sí: ‘Bhí an-díomá orm a fheiceáil go ndearnadh loitiméireacht ar mo mhúrmhaisiú den Monsignor Hugh O’Flaherty i dTrá Lí le déanaí.

‘Braithim go háirithe faoi bhrón do theaghlach Monsignor O’Flaherty.
‘Níl sé tuillte acu é seo a fheiceáil faoin laoch cogaidh seo, fear cróga Ciarraíoch a shábháil na mílte duine ó na Naitsithe le linn an chogaidh.
‘Go híorónta, tá sé an-mhícheart é a chur i gcomparáid le Hitler.
‘Péinteáladh an múrmhaisiú seo i 2015 agus d’úsáid mé séala cosanta (protective seal), agus bhí mé in ann an damáiste a rinneadh a chealú.’
Dúirt sí: ‘Is féinléiriú (self-expression) atá i gceist leis an ealaín, agus tá an ceart ag gach duine a thuairim féin a chur in iúl trína gcuid ealaíne.
‘Níl sé de cheart acu a dtuairim a chur in iúl trí ealaín duine eile, áfach. Nó chun obair ealaíontóra eile a lot.
‘Mar mhúinteoir ealaíne spreagaim scoláirí chun breathnú ar ealaín agus freagairt di.
‘Tá sé sin sláintiúil, agus mar sin táim ag glaoch, le meas, ar an duine a rinne é seo chun deileáil leis an bpictiúr seo ar bhealach sláintiúil agus dínit, trína saothar ealaíne féin a chruthú agus é a thairiscint don phobal.
‘Postálfaidh mé a bhfreagra ar mo leathanach fiú gan ainm.
‘Más féidir le duine a bheith cróga go leor le loitiméireacht a dhéanamh ar shaothar ealaíontóra eile, spreagaim iad a bheith cróga go leor chun a saothar ealaíne féin a dhéanamh mar fhreagra agus is féidir linn plé poiblí a bheith againn faoi.’
Cháin Comhairleoir Shinn Féin Cathal Foley an loitiméireacht freisin, ag rá le haon duine a chonaic é, glaoch a chur ar Ghardaí agus ag rá gur ‘páistí nach raibh aon rud níos fearr le déanamh’ a rinne an loitiméireacht.
‘Déanfar é seo a cheartú go luath, agus féach, má fheiceann éinne duine ag an múrmhaisiú seo, d’iarrfainn orthu glaoch a chur ar na Gardaí,’ a dúirt an Comhairleoir Foley le Radio Kerry.
‘Tá stáisiún na nGardaí an-ghar don cheantar agus má fheiceann daoine rudaí mar seo ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis na Gardaí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.