Socróidh iar-cheannaire ag Manchester City todhchaí Erik ten Hag ag United 

22/04/2024

Fiosróidh Stiúrthóir Teicniúil nua Manchester United céard atá ag tarlú idir an bainisteoir agus imreoirí ag Old Trafford 

Is é iar-cheannaire Manchester City a chinnfidh todhchaí Erik ten Hag ag Manchester United an mhí seo chugainn. 

Is é Jason Wilcox, iar-stiúrthóir Acadamh Peile Manchester City, an Stiúrthóir Teicniúil nua Manchester United agus fiosróidh sé scileanna Ten Hag mar bhainisteoir agus an caidreamh atá aige lena chuid imreoirí. 

Cé gur shroich Manchester United cluiche ceannais Chorn an FA, a mbeidh ar siúl ar an 25 Bealtaine,, nuair a imríonn siad i gcoinne Manchester City, bhí a gcluiche leathcheannais i gcoinne Coventry City náireach. 

Erik Ten Hag le Marcus Rashford Pic: Matthew Ashton - AMA/Getty Images
Erik Ten Hag le Marcus Rashford Pic: Matthew Ashton – AMA/Getty Images

Bhí siad ag buachan 3-0 ag an gcluiche ar an Domhnach ach sa deireadh níor bhuaigh siad ach tar éis ciceanna éirice (penalties) in aghaidh foireann nach bhfuil fiú sa Phríomh Sraith (Premier League),. 

Bheadh Ten Hag imithe cheana féin dá mbeadh iarrthóir bainistíochta (managerial candidate) ar fáil, de réir tuairiscí. 

D’fhostódh siad iar-imreoir Learpholl (Liverpool) Xabi Alonso, a bhí Learpholl ag iarraidh freisin, ach tá Alonso ag fanacht le Bayer Leverkusen faoi láthair. 

Tá suim ag Man United i gcóitseálaithe óga cumasacha atá ag obair san Eoraip, de réir tuairiscí: daoine mar Thiago Motta ó Bologna, Michel at Girona, Roberto De Zerbi ó Brighton agus Ruben Amorim ó Sporting Lisbon, a bhfuil spéis ag Learpholl a fhostú freisin. 

Luadh Gareth Southgate agus Graham Potter mar bhainisteoirí nua freisin ach tá faitíos nach bhfuil pearsantacht acu chun creidiúnacht a bhaint amach i measc reáltaí Manchester United. 

Tá Thomas Tuchel luaite freisin ach bhí trioblóid aige le Chelsea agus Bayern. 

Beidh cainteanna fairsinge ag Wilcox le ten Hag, leis an bhfoireann (staff) agus le himreoirí i rith na míosa le teacht. 

Beidh sé ag iarraidh a fháil amach cad atá ag tarlú idir ten Hag agus imreoirí éagsúla, lena n-áirítear Jadon Sancho, Marcus Rashford agus le déanaí Alejandro Garnacho. Agus cén fáth. 

Bainisteoir Manchester United le Jadon Sancho Pic: Martin Rickett/PA Wire
Bainisteoir Manchester United le Jadon Sancho Pic: Martin Rickett/PA Wire

Tá sé curtha in iúl do lucht leanúna United arís agus arís eile gur mar gheall ar an oiread sin gortuithe is cúis leis na fadhbanna i mbliana – ach tá go leor daoine in amhras go bhfuil fadhbanna pearsanra ann agus imreoirí ag déanamh neamhairde de threoracha agus an bainisteoir ró-dholúbthachta (inflexible). 

Beidh cluiche ceannais United sa Phríomh Sraith (Premier League) ar shiúl in aghaidh Brighton ar 19 Bealtaine, agus cluiche ceannais na gCorn FA i gcoinne City le bheith ar siúl ag Wembley sé lá ina dhiaidh sin. 

Is é sin an uair a bheidh Wilcox ag déanamh a chinneadh, de réir tuairiscí. 

Bhí Wilcox ina stiúrthóir ar Acadamh Peile Manchester City go dtí gur fhág sé an club le bheith ina Stiúrthóir Peile ag Southampton i mí Eanáir na bliana seo caite. 

Bhí sé ina bhainisteoir ar Blackburn Rovers freisin nuair a bhuaigh siad an Phríomh Sraith (Premier League) i 1995. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram