

Beidh an láithreoir teilifíse Meiriceánach Conan O’Brien le feiceáil ar Ros na Rún mar fhear seachadta a rachaidh i ngleic leis an tábhairneoir Tadhg Ó Direáin.
Thaistil O’Brien, a raibh a ‘teacht abhaile’ féin aige ar The Late Late Show i mí Eanáir, go hÉirinn áit ar thaifead sé a sheó taistil, Conan O’Brien Must Go.
Beidh O’Brien i Ros na Rún Dé Máirt 30 Aibreán ag 8.30in agus beidh Ros na Rún le feiceáil ar Conan O’Brien Must Go de chuid HBO Max níos déanaí, ag tabhairt an tsraith drámaíochta os comhair lucht féachana nua idirnáisiúnta agus Meiriceánach.

Tá Ros na Rún mar chuid dá chlár Éire dá shraith thaistil ina bhfuil turas ag O’Brien chuig an Iorua (Norway) , an Téalainn (Thailand) agus an Airgintín.
Ba é a phríomhfhócas in Éirinn ná fréamhacha a mhuintire i Luimneach a rianú agus cuid de na gnéithe is uathúla in Éirinn á nglacadh aige.
Go hard ar an liosta tosaíochta don fhear grinn teilifíse HBO, a dhearbhaíonn go seasta a oidhreacht Ghaelach, bhí an Ghaeilge a labhairt agus ról cameo a bheith aige ar phríomhshraith drámaíochta TG4 Ros na Rún, atá anois ina 28ú séasúr.
‘Buaicphointe aoibhinn de mo thuras go hÉirinn é dul ag obair le foireann Ros na Rún, agus gabhaim mo leithscéal roimh ré as búistéireacht a dhéanamh ar mo mháthairtheanga,’ a dúirt O’Brien.
Bhí an-áthas ar Léiritheoir Sraithe Ros na Rún, Marion Ní Loingsigh, agus a foireann le Conan.

‘Is dúshlán é gach lá ar sheit teilifíse oibre ina léirímid 82 eipeasóid de Ros na Rún thar sé mhí go leith den scannánaíocht, agus mar sin ní bhíonn muid cúthail roimh dhúshlán nua.
‘Bhí mé thar a bheith sásta iarratas a fháil ó Conan O’Brien ag rá go raibh sé ag iarraidh láithriú cameo a bheith aige i Séasúr 28.’
Tá Conan O’Brien anois curtha le halla cáiliúla cameo mór le rá Ros na Rún ina bhfuil an t-aisteoir Stephen Fry cheana féin, na sárcheoltóirí tíre Daniel O’Donnell agus Nathan Carter, Francis Brennan de chuid RTÉ At Your Service agus Alan Hughes ó Virgin Media.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.