Alisha, 14, réalta Matilda, ainmnithe do ghradam idirnáisiúnta Forbes

10/04/2024

Tá an t-aisteoir Alisha Weir ar an duine is óige den ochtar Éireannach atá ar an liosta iomráiteach (prestigious) Forbes ‘30 Under 30’.

Bhí Alisha, atá 14 bliana d’aois, as Cnoc Líon (Knocklyon), Baile Átha Cliath, sa phríomhpháirt i scéal scáileáin na bliana seo caite, Matilda the Musical.

Tugann liosta Forbes aird ar dhaoine faoi 30 bliain d’aois atá ar fheabhas ina réimse saineolais san Eoraip.

Cuireadh síos ar Alisha mar ‘an dara duine is óige riamh ar an liosta i stair Forbes Under 30 Europe Entertainment (tar éis Millie Bobby Brown in 2018)’.

Thosaigh Macaulay ag forbairt a branda faisin Hope Macaulay, a fhostaíonn 20 cniotálaí ar fud an Tuaiscirt anois, in 2018
Thosaigh Macaulay ag forbairt a branda faisin Hope Macaulay, a fhostaíonn 20 cniotálaí ar fud an Tuaiscirt anois, in 2018

Ba iad na hÉireannaigh eile ar liosta Forbes ná Robbie Scott, 28, Cian Donovan, 26, Hope Macaulay, 27, Oisín McGrath, 29, Deepak Baliga, 28, Luke Mackey, 29 agus Patrick O’Boyle, 28.

Bhunaigh Scott agus Donovan Akara Robotics i 2019 chun próisis ospidéil a uathoibriú (automate) agus chun ganntanas foirne a mhaolú (alleviate).

Glanann a dtáirge (product), atá mar róbat dí-éilliú (disinfection robot), seomraí suas le 20 uair níos tapúla ná glantóir daonna, agus tá sé á úsáid i sé ospidéal ar fud an domhain.

Thosaigh Macaulay ag forbairt a branda faisin Hope Macaulay, a fhostaíonn 20 cniotálaí ar fud an Tuaiscirt anois, in 2018.

Déanann siad cairdeagain lámhdhéanta, málaí agus níos mó ar mhodh uathúil (unique) saor ó shnáthaid (needles).

Tá láimhdeachas (turnover) bliantúil de thart ar €460,000 ag a gnólacht, agus tá a saothar le feiceáil ar chlúdaigh irisleabhair agus á gcaitheamh ag daoine cáiliúla lena n-áirítear Halsey, Jennifer Hudson agus Naomi Osaka.

Díoltar na hearraí i 80 tír i siopaí lena n-áirítear Anthropologie agus Free People.

Chomhbhunaigh McGrath Galenband, a chomhcheanglaíonn banna láimhe (armband) le halgartaim AI chun monatóireacht a dhéanamh ar othair le haghaidh neamhghnáchaíochtaí (abnormalities) rithim croí.

Alisha Weir
Alisha Weir

Tá €8 milliún bailithe aige, ó Fhiontraíocht Éireann (Enterprise Ireland) den chuid is mó, chun trialacha a dhéanamh.

Chomhbhunaigh Baliga, Mackey agus O’Boyle an chuideachta nua-thionscanta Kota i mBaile Átha Cliath, ar a dtugtaí Yonder roimhe seo, chun sochair fostaithe (employee benefits) a nuachóiriú.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, bhailigh siad €5 milliún chun an fiontar a thosú.

Bhunaigh Mackey Bamboo roimhe seo, ‘pick-up service’ do bhialanna agus do chaiféanna, a díoladh le húinéir aip ordaithe bia agus dí eile, Fetch, go luath i 2021.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram