

Tá sé ráite ag réalta tíre Nathan Carter go mbeidh níos mó ná ‘banjo sa chúlra’ de dhíth ar Beyoncé sular féidir glaoch uirthi mar amhránaí tíre (country singer).
Tá an t-ochtú albam aonair de chuid Beyoncé, Cowboy Carter, seolta mar albam tíre.
Agus tá moladh ag dul do Beoyoncé as a cuid amhránaíochta – le moladh ag teacht ó dhaoine ar nós Dolly Parton.

Ach dúirt Nathan Carter, a rugadh i Learpholl ach atá cáil air mar amhránaí tíre Éireannach, nach maith leis an albam nua Cowboy Carter.
Dúirt sé nár cheart dó a bheith i rannóg na tíre ar chor ar bith.
Tá an dara hainm céanna ag Nathan agus Beyoncé toisc go bhfuil sí pósta le Shawn ‘Jay-Z’ Carter, sin an fáth go bhfuil an t-ainm sin ar an albam.
Agus é á cheistiú faoin albam nua ar CountryWide ar RTÉ’, dúirt Nathan Carter: ‘Caithfidh mé a bheith iomlán macánta agus a rá nach maith liom é.’
Dúirt sé, áfach, gur rud maith é go bhfuil an albam ag tarraingt aird ar cheol tíre.
Ach chuir sé cáineadh ar leith in iúl do leagan Beyoncé den chlasaiceach de chuid Dolly Parton, Jolene.
Dúirt Nathan go bhfuil an t-amhrán ‘foirfe i ngach slí’.
Ach athrigh Beyoncé na liricí go substaintiúil ar a leagan féin – go háirithe ag athrú an focal ‘begging’ go ‘warning’.
Deirtear gur cheadaigh Dolly Parton leagan Beyoncé.

‘Níl a fhios agam cén fáth go n-athrófá é le bheith macánta,’ a dúirt Carter.
‘Tuigim cén fáth ar ndóigh a mbeadh Dolly sásta le Beyoncé ag déanamh cibé rud is mian léi, mar tá sé iontach ciallmhar ó thaobh gnó de, go soiléir, agus tá aird á tarraingt aici ar chúlchatalóg Dolly anois freisin,’ a dúirt sé.
Dúirt Nathan, atá 33 bliain d’aois: ‘Níl a fhios agam an féidir leat glaoch ar an albam mar ceol tíre ar chor ar bith.
‘Tá sé níos mó faoi thionchar rap agus pop. Ach is léir go bhfuil bainseó sa chúlra.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.