

Tá múinteoirí tar éis gearán a dhéanamh faoi rialú na hEaglaise Caitlicí ar bhunscoileanna agus iad ag iarraidh deireadh a chur leis an ‘teastas reiligiúnach (religious certificate)’ a theastaíonn le teagasc.
I mbeart atá dírithe ar phátrúnacht Chaitliceach na scoileanna, dúirt roinnt múinteoirí ag comhdháil cheardchumann i nDoire freisin nach bhfuil siad ag iarraidh a thuilleadh a theagasc do leanaí sa chreideamh Caitliceach.

Agus ganntanas múinteoirí ar fud na tíre, dúirt Cumann Múinteoirí Éireann (Irish National Teachers’ Organisation, INTO) go bhfuil an cháilíocht reiligiúnach a theastaíonn do mhúinteoirí idirdhealaitheach (discriminatory), go háirithe ag am a bhfuil laghdú ag teacht ar líon an daonra Caitliceach.
Ghlac tromlach mór le rún chun deireadh a chur leis an riachtanas seo ag comhdháil an INTO, agus tá múinteoirí ag iarraidh anois scrúdú a dhéanamh ar cheart ranganna um fhoirmiú creidimh (faith formation) a bheith ar siúl i mbunscoileanna ar chor ar bith.
Faoi láthair, níl ach 150 de bhreis agus 3,000 bunscoil na tíre ilchreidmheach (multidenominational) agus tá 90% díobh Caitliceach.
Dúirt Tomás O’Reilly, múinteoir i gContae Ros Comáin, gur cheart go mbeadh rogha ann do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do pháistí oideachas a fháil nach mbaineann teagasc reiligiúnach leis.
Dúirt sé: ‘Tá an Stát ag séanadh a bhfreagrachta (abdicating its responsibility) le fada an lá. Tá polasaí [an Rialtais] maidir le dífheistiú (divestment) ann agus is smaoineamh maith dúinn é a bhrostú.’
Tuigtear go bhfuil an Roinn Oideachais ag féachaint le scoileanna a athrú ó phátrúnacht reiligiúnach go scoileanna ilchreidmheacha ach go bhfuil formhór mór na scoileanna faoi smacht reiligiúnach.
Mar sin féin, is fíorbheagán freagra atá tugtha ar scéim phíolótach 2022 ón Aire Oideachais Norma Foley chun 63 scoil a fháil chun a bpátrúnacht a athrú, gan ach dhá cheann ag athrú go dtí seo.

Dúirt an INTO go raibh imní orthu nach gceadaíonn an status quo oideachas cuimsitheach (inclusive) do gach leanbh.
Cinntíonn go leor scoileanna de chuid Eaglais na hÉireann (Church of Ireland) freisin go bhfuil an leagan Protastúnach den teastas reiligiúnach ag múinteoirí ionchasacha (prospective teachers).
Vótáil toscairí (delegates) ag comhdháil an INTO ar son an cheardchumainn dul i dteagmháil le pátrúin bunscoileanna agus comhlachtaí bainistíochta chun deireadh a chur leis an gceanglas maidir le teastas oideachais reiligiúnaigh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.