Tá sé ráite ag craoltóir Gaeilge móréilimh gur fágadh é as an seachtú sraith de Dancing with the Stars (DWTS) ‘ag an nóiméad deireanach’.
Chríochnaigh eagrán 2024 de DWTS an mhí seo caite, nuair a fuair an Parailimpeach (Paralympian) Jason Smyth agus a chomhpháirtí rince gairmiúil Karen Byrne an ‘glitterball’.
I measc na 11 duine cháiliúla a bhí ag damhsa i mbliana bhí an láithreoir teilifíse agus an craoltóir Laura Fox, an réalta TikTok Miriam Mullins agus an t-amhránaí as Wild Youth, David Whelan.
Bhí seans ann go mbeadh rudaí i bhfad difriúil ar DWTS, áfach.
Tá sé ráite ag réalta na meán sóisialta agus láithreoir teilifíse James Kavanagh go raibh sé ag súil le bheith ar an gclár ach gur fágadh as é ‘ag an nóiméad deireanach’.
Is as Baile Átha Cliath do James, ina láithreoir ar Ireland’s Got Mór Talent agus Grá ar an Trá.
Tá sé ráite aige ‘nach bhfuair sé amach’ cén fáth nár tugadh cuireadh dó dul chuig DWTS.
Ag labhairt dó le RSVP Magazine, dúirt James: ‘B’fhéidir gur éirigh leo duine éigin níos fearr a fháil.’
Rinne sé magadh, gurbh fhéidir go raibh ‘gá le duine aerach amháin a bhaint amach as an seó’, tar éis don bhanríon draig, Blu Hydrangea, a bheith sínithe.
Tar éis a bhua ar DWTS, b’éigean do Jason é féin agus Karen a chosaint ó bhaill den lucht féachana.
Cé go raibh na moltóirí Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian ag scóráil gach eipeasóid roimh an mbabhta ceannais, is é vóta poiblí amháin a bhí i gceist ag an seó deireanach.
In ainneoin an líon is lú pointí a fháil i rith an tséasúir, i gcomparáid lena chomh-iomaitheoirí ceannais, dúirt Jason nach raibh an seó ag lorg an ‘damhsóir is fearr’.
Dúirt sé le RSVP Magazine: ‘Dancing with the Stars a thugtar ar an seó,’ ní An Rinceoir is Fearr a thugtar air. Más mian leat féachaint ar na damhsóirí is fearr amháin, ná bí ag faire ar sheó le daoine cáiliúla nach raibh ag rince cheana féin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.