Tá damhsóir Gaelach ag labhairt amach faoin gciníochas agus dúirt sí go bhfuil sí chun leanúint ar aghaidh leis in ainneoin na drochíde ar líne.
Tá an Meiriceánach Kaitlyn Sardin ag déanamh damhsa Gaelach ó bhí sí seacht mbliana d’aois, ag cur tús lena haistear le Watters School of Irish Dancing.
Tar éis gearrthóg dá damhsa ag oscailt gailearaí a chuaigh víreasach (viral) le déanaí, bhí an-chuid caint faoin damhsóir ó Orlando ag úsáideoirí meáin shóisialta ar fud an domhain.
Ach bhí cuid acu ag cuir isteach uirthi agus dúirt Kaitlyn: ‘Tá an oiread sin tacaíochta faighte agam ach chomh maith leis sin tá go leor tráchtanna ciníochais faoin bhfíseán, rud a chuir iontas ar dhaoine gan dabht.’
Dúirt sí le Newstalk: ‘Bhí daoine ag rá, “Téigh ar ais go dtí do thír féin” agus daoine eile ag rá, “Ní hé seo an damhsa Gaelach”. Bhí sé bhí craiceáilte,’ a dúirt sí.
Dúirt Kaitlyn nach bhfuil mórán den ghráin ag teacht ó Éireannaigh.
‘Is daoine neamh-Éireannacha go leor acu a thug mé faoi deara,’ a dúirt sí.
‘Níl fiú bratach na hÉireann áit ar bith ag go leor acu, bíonn bratacha eile acu.
‘Thug mé faoi deara ó chuid de na tuairimí go raibh daoine ag rá gurb é seo an chéad uair ar labhair mórán de na daoine seo faoi dhamhsa Gaelach, agus mar sin bhraith sé go raibh go leor cuntas “troll” ann gan dabht.’
Tá an ghráin á cur isteach uirthi agus admhaíonn an damhsóir óg gur féidir leis a bheith nimhneach.
‘Ní fhaca mé cuid de na rudaí a thug siad orm go pearsanta,’ a dúirt sí.
‘Bhí orm an chuid is mó de mo chuid físeáin a bhalbhú (mute) ar líne ionas nach bhfeicim na tuairimí.
‘Is cinnte go raibh sé deacair an chéad lá, lean sé ar aghaidh gan stad.’
Agus í ag caint ar an damhsa Gaelach, dúirt sí: ‘Is breá liom fós é, ó bhí mé óg is rud an-speisialta domsa i gcónaí é.
‘Tá rud éigin speisialta faoi agus tá áthas orm a bheith in ann leanúint ar aghaidh leis an damhsa Gaelach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.