

Tá seachtar Teachta Dála, a chuir i gcoinne na reifrinn teaghlaigh agus cúraim (family agus care referendums), ag eagrú le iar-aire Michael McDowell agus tá iarrachtaí ar bun comhaontas nua sa Dáil a chruthú, dar leis an Irish Mail on Sunday.
Ní TD é McDowell féin ach dúirt foinsí go bhfuil an seanadóir, agus grúpa le seachtar TD tuaithe, ar a laghad, ag scrúdú bearta féideartha chun meon frith-Rialtais atá ag fás a aistriú go cumhacht pholaitiúil.

Agus, de réir tuairisc san Irish Daily Mail, dúirt TD amháin de chuid an Rialtais: ‘Dá mbeadh páirtí ann faoi cheannas McDowell agus Fitzmaurice bheinn ann amárach, agus bheadh cúpla eile ag teacht liom.’
Tá na Teachtaí Dála neamhspleácha a chuir i gcoinne na reifrinn – ina measc Michael McNamara (An Clár), Seán Canney (Gaillimh Thoir), Michael Fitzmaurice (Ros Comáin-Gaillimh) agus iar-chomhghleacaí PD McDowell Noel Grealish (Gaillimh Thiar) – ina measc siúd atá á lua maidir le grúpa polaitiúil nua.
Dúirt foinse go bhfuil caint faoi Theachtaí Dála ban ‘láidir neamhspleách’, lena n-áirítear Verona Murphy (Loch Garman), Carol Nolan (Laois Uíbh Fhailí) agus Marian Harkin (Sligeach-Liatroim) freisin.
D’fhreastail Ms Murphy agus Ms Harkin, mar aon leis an Seanadóir Neamhspleách Sharon Keogan, ar fhógairt thorthaí an reifrinn ag Caisleán Bhaile Átha Cliath in éineacht leis an Uasal McDowell Dé Sathairn seo caite.

Táthar ag súil le méadú ar líon na dTeachtaí Dála Neamhspleácha sa Dáil tar éis an chéad olltoghcháin eile agus dúirt foinsí go bhféadfaí grúpa coimeádach nua a chruthú agus go mb’fhéidir go mbeadh cothromaíocht na cumhachta (balance of power) acu agus an chéad Rialtas eile á bhunú.
Ag an am céanna tá páirtithe laistigh den Chomhrialtas ag casadh i gcoinne a chéile agus ag cur an milleán ar a chéile as teipeanna an reifrinn.
Tá coimhlint tagtha chun cinn idir Fine Gael agus Fianna Fáil maidir le cibé ar cheart dóibh comhaontú réamhthoghcháin a chruthú chun seans an dá pháirtí filleadh ar an Rialtas a neartú.

Cé nach bhfuil a rún fógartha ag an Seanadóir McDowell fós, dúirt foinsí atá gar don iar-Tánaiste agus iar-ceannaire na Progressive Democrats go bhfuil sé ag déanamh machnaimh ar fhilleadh ar pholaitíocht na Dála.
Dúirt foinse go bhfuil McDowell i bhfabhar ‘comhaontas de TD Neamhspleách a aontaíonn ar bheartais áirithe seachas ar ghnáthpháirtí’.
De réir an Irish Mail on Sunday, dúirt TD neamhspleách amháin a bhí páirteach sna cainteanna go mbeadh ‘McDowell mar fhaire na ndaoine (the people’s watchdog).’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.