

Labhair Louise Cantillon faoina staid mhaireachtála ‘neamhghnách’ (unconverntional) lena fear céile Declan Hannon.
Phós Louise, an láithreoir TG4 agus Today FM, le réalta CLG Luimnigh Meán Fómhair seo caite ag searmanas iontach.
Mar sin féin, ní raibh sé ró-éasca don lánúin (couple) ó shin i leith, agus bhí ar Louise aistriú go Baile Átha Cliath fad is a d’fhan Declan taobh thiar i Luimneach, áit dúchais an bheirt acu.

Is Gaeilgeoir bródúil í Louise chomh maith agus is pearsa theilifíse seanchaite í, tar éis di Junior Eurovision a óstáil ar TG4 le trí bliana anuas, agus le déanaí an tsraith thaistil Eorpach le TG4, Téasc Taistil.
Chomh maith leis sin tá Louise le cloisteáil ar phodchraoladh dátheangach (bilingual podcast) ‘Conas Gael’, lena comhghleacaithe ar TG4, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc.
Agus í ag plé lena socrú neamhghnáthach, mhínigh Louise: ‘Ar ndóigh, táimid i bponc. Tá cónaí ar Declan i Luimneach agus bhog mé go Baile Átha Cliath do mo phost.
‘Táimid ag obair le chéile, ach á dhéanamh as a gcéile. Má tá grá agat do dhuine, tacóidh tú le haislingí (dreams) a chéile.
‘Tá muid araon an-neamhspleách agus dírithe ar ár ngairmeacha beatha féin. Braitheann muid go bhfuil muid an-óg, oibríonn sé dúinn.’
Ag labhairt di faoina slí bheatha, dúirt Louise leis an Irish Examiner: ‘Tá rudaí ag dul i gcion orm go mór le cúpla bliain anuas. Ba mhaith liom a bheith beagán leithleach (selfish) agus díriú ar mo ghairm bheatha.
‘Caithfidh mé gáire. Ag 23, bhí sos gairme ag teastáil uaim. Is cuimhin liom an smaoineamh, “A Dhia, b’fhéidir nach bhfaighidh mé post arís” ach ba é an rud ab fhearr a rinne mé riamh,’ arsa Louise.
‘Go hionraic, is dóigh liom go bhfuil an saol ar mo chomhairle féin agam (living the dream). Is dócha gur ‘cliché’ é seo, ach má tá grá agat do na rudaí a dhéanann tú, ní oibreoidh tú lá i do shaol.
‘Tar éis bogadh go hiomlán isteach i saol na meán, táim an-sásta leis.’

Fuair Louise pósta lena páirtí fadtéarmach, iománaí Luimnigh, Declan i mí Mheán Fómhair.
Phós siad ag searmanas iontach in Adare Manor i Luimneach, agus bhí liosta aíonna lán le réalta i láthair.
Clúdaíonn scéal grá Louise agus Declan formhór a saoil, agus bhuail an lánúin le chéile agus iad ina ndéagóirí ag dioscó i gclub rugbaí Garryowen, Luimneach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.