Tharraing Paschal Donohoe siar ar cáineadh an ‘Fiscal Watchdog’

Tá Donohoe ag moladh an IFAC anois agus dúirt sé go bhfuil gach ceist pá réitithe

Tharraing an tAire Caiteachais Phoiblí (Pubic Expenditure) Paschal Donohoe siar ar an gcáineadh atá déanta aige ar fhaire bhuiséid (budgetary watchdog) an Stáit.

Cháin an tUasal Donohoe Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann (Irish Fiscal Advisory Council, IFAC) mar gheall ar na rudaí a bhí i dtuarascáil (report) a chuir siad amach tar éis an buiséad deireanach.

Paschal Donohoe
Paschal Donohoe

Dúirít siad go raibh ‘gimmickry fioscach’ i gceist.

Ach rinne an t-aire cur síos ar an tráchtaireacht sin as an IFAC mar ‘neamhfháilteach agus ag déanamh dochar (unwelcome and undermining)’.

Dhiúltaigh an tAire léirmheas an IFAC ar an mbuiséad mar rud a bhí ‘déanta chun a bheith sna leathanaigh tosaigh na bpáipéar’.

Cuireadh tús leis an tsraith imeachtaí seo i mí na Nollag nuair a thug an IFAC foláireamh go raibh baol ann go ndéanfaí na botúin céanna a rinneadh san am a chuaigh thart de bharr leibhéal an chaiteachais (spending) i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair.

Dúirt siad go gcuirfeadh sé le brúnna boilscithe (inflationary pressures) agus go bhféadfadh sé an geilleagar a róthéamh (overheat).

Ina dhiaidh sin, de réir dhoiciméid inmheánacha (internal) na Roinne, bhí an tUasal Donohoe agus a chuid oifigeach cáinteach ar an IFAC as na tuairimí sin a dhéanamh.

I nóta dá oifigeach an 13 Nollaig, dúirt an tUasal Donohoe gur ‘imeacht gan fáilte (an unwelcome departure)’ a bhí i dtuarascáil an IFAC agus dúirt ‘go mbaineann sé an bonn de chlú atá déanta go cúramach [de chuid IFAC] as údarás agus neamhchlaontacht (impartiality)’.

Mar thoradh ar an teannas sin bhí scoilteadh caidrimh idir an IFAC agus an Rialtas.

Mar sin féin, nuair a fiafraíodh de faoi na tuairimí, mhol an tUasal Donohoe an IFAC.

Dúirt sé: ‘Is eagraíocht thar a bheith tábhachtach iad IFAC anseo in Éirinn agus bhí ról fíorluachmhar (really valuable) acu ag cabhrú linn an beartas ceart buiséid a fhorbairt dár dtír.’

Dúirt an tUasal Donohoe go léiríonn figiúirí atá foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go bhfuil an Rialtas ‘ag fáil na cothromaíochta i gceart’ agus dúirt sé go léiríonn laghdú ar bhoilsciú go bhfuil ‘straitéis bhuiséid iomlán na tíre ag déanamh difríochta chun tacú le caighdeáin mhaireachtála agus nach bhfuil sé ag cur bac ar bhoilsciú titim’.

Thuairiscigh an Irish Daily Mail freisin, dhá lá tar éis tuairimí an Uasail Donohoe, gur mhol a Roinn agus an Roinn Airgeadais gearradh leath den táille laethúil a íoctar le cathaoirleach IFAC.

‘I ngach cinneadh a rinne mé, mar atá amhlaidh don Aire Airgeadais Michael McGrath, léirigh mé meas iomlán ar IFAC agus thacaigh sé leo ina bhfás mar eagraíocht. Agus tá aon phlé maidir le pá réitithe anois,’ a dúirt an tUasal Donohoe inné.

Dúirt urlabhraí airgeadais Pháirtí an Lucht Oibre, Ged Nash: ‘Léiríonn an spás idir na ranna airgeadais agus IFAC dom go bhfuil an IFAC ag déanamh an obair a bunaíodh é le déanamh tar éis na timpiste.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram