Táille €2,000 ar gach siopa a dhíolann galtoitíní (vapes)

01/03/2024

Srianta ar dhíol galtoitíní blaistithe (flavoured vapes) agus fógraíocht ar an mbealach mar deir an tAire go bhfuil comhlachtaí ag ‘díriú ar dhaoine óga’

Is dócha go dtiocfaidh srianta nua ar dhíol galtoitíní (vapes) i bhfeidhm níos déanaí i mbliana, agus go mbeidh ar shiopaí suas le €2,000 in aghaidh na bliana a íoc chun iad a dhíol.

Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go dtiocfaidh cáin nua ar vapes i bhfeidhm ag an gcéad bhuiséad eile.

‘Is cinnte go bhfuil sé ag díriú ar dhaoine óga’
‘Is cinnte go bhfuil sé ag díriú ar dhaoine óga’

Ag labhairt dó ar an gclár Claire Byrne ar RTÉ, dúirt sé: ‘D’fhógair mé sa bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh sé ar intinn agam an cháin ar thoitíní leictreonacha a thabhairt isteach. Agus tá obair ar sin déanta ó shin ag mo roinn féin ag obair leis na Coimisinéirí Ioncaim.

‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil ailíniú iomlán polasaí ann leis an méid atá á dhéanamh ag an Roinn Sláinte.’

Dúirt sé nach raibh ‘aon amhras’ air go raibh polasaí d’aon ghnó ag cuideachtaí galtoitíní chun díriú ar dhaoine óga.

‘Is cinnte go bhfuil sé ag díriú ar dhaoine óga,’ a dúirt sé.

Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go dtiocfaidh cáin nua ar galtoitíní i bhfeidhm ag an gcéad bhuiséad eile
Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go dtiocfaidh cáin nua ar galtoitíní i bhfeidhm ag an gcéad bhuiséad eile

Nuair a fiafraíodh de an mbeidh cáin ann chun srian a chur ar galtoitíní a dhíol, dúirt an tAire: ‘Táimid ag dul i gcomhairle leis an Roinn Sláinte freisin toisc go dtuigeann muid gur bealach é do roinnt daoine a úsáideann e-toitíní chun éirí as toitíní, agus déanann toitíní i bhfad níos mó dochair do shláinte an phobail.

‘Ach tá go leor rudaí anaithnide faoi éifeachtaí fadtéarmacha na e-toitíní go ginearálta.’

Tá imní ar an Rialtas go bhfuil an chuid is mó de na siopaí ag díol galtoitíní indiúscartha (disposable) anois, agus go bhfuil siopaí ceirníní  (record shops) agus fiú búistéirí (butchers) á ndíol anois freisin.

Tá cosc cheana féin ag an Roinn Sláinte ar galtoitíní a dhíol le daoine faoi 18 mbliana d’aois. Mar sin féin, thug foinsí sinsearacha Rialtais le fios freisin go raibh gnéithe den reachtaíocht reatha maidir le galtoitíní nach raibh in úsáid go fóill.

Faoi láthair is féidir le comhlachtaí móra ceadúnas amháin a cheannach agus tugann sé seo cead a gcuid siopaí go léir a bheith in ann gartoitíní a dhíol.

Tá pleananna ann lena chinntiú go mbeidh ar gach siopa ceadúnas a íoc, a chosnódh suas le €2,000 sa bhliain le bheith in ann galtoitíní a dhíol.

Tá pleananna ann freisin chun stop a chur le siopaí ó bheith in ann na gartoitíní a fhógairt taobh thiar den scipéad (till), agus beidh ar mhiondíoltóirí déileáil leo mar an gcéanna le toitíní agus iad a chur taobh thiar de bhalla bán.

Tá an Roinn Sláinte ag smaoineamh freisin ar phleananna chun stop a chur le siopaí áitiúla ó bheith in ann galtoitíní blaistithe (flavoured) a dhíol agus gan ach galtoitíní a bhfuil blas tobac orthu a dhíol.

Rogha féideartha eile ná ligean do shiopaí speisialtóra amháin a bheith in ann galtoitíní blaistithe a dhíol.

Cé gur chuir an Astráil cosc ar dhíolachán tráchtála blaistithe, agus nach bhfuil blaistithe ar fáil ach trí oideas dochtúra trí chógaslann, tuigtear nach meastar go bhfuil sé seo indéanta mar gheall ar bhallraíocht na hÉireann san AE.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram