

Tá an múinteoir Enoch Burke tar éis filleadh ar an bpríosún tar éis dó an deis a thug an Ard-Chúirt dó dul abhaile lena theaghlach a dhiúltú.
Dúirt an Breitheamh Mark Sanfey go raibh an scéal ‘thar a bheith míshásúil’, ag tabhairt faoi deara go bhfuil Burke fós ar phá iomlán, go bhfuil sé i Muinseo (Mountjoy) ar chostas an Stáit le breis agus 275 lá, agus nár íoc sé aon cent d’orduithe costais dlí nó an €88,900 i bhfíneálacha.

Dúirt sé le Burke go bhféadfadh sé na hargóintí go léir a theastaigh uaidh a dhéanamh maidir lena thuairimí ar ‘trasinscneachas’, agus ról na dtuairimí sin ina fhionraí tosaigh ó scoil Ospidéal Naomh Wilson i samhradh na bliana 2022, ag an achomharc atá le teacht aige i gcoinne a dhífhostú, nó in agóid bhreise ag an gCúirt Achomhairc.
Dúirt sé gurb é an t-aon fheidhm a bhí aige ná measúnú a dhéanamh ar cé acu an gcloífeadh Burke le hordú na hArd-Chúirte fanacht amach óna iar-scoil i gCo. na hIarmhí.
‘Is gá go gcuirfí tú i Muinseo toisc go ndiúltaíonn tú cloí le hordú na cúirte,’ a dúirt an breitheamh.
Ag tagairt d’aighneachtaí Burke, a bhain le tuairisc phríomhoide na scoile a bhí mar bhonn agus thaca ag a fhionraí, dúirt sé: ‘Ní bheadh fadhb ar bith ag cúirt leis an argóint seo a bheith san áit cheart, ag an am ceart.
‘Níl aon chúis go gcaithfidh tú ordú an Bhreithimh [Alexander] Owens a shárú le bheith in ann an argóint seo a dhéanamh.
‘Tá do thuarastal iomlán á íoc leat. Níl le déanamh ach ag cloí lena ordú.
Dúirt sé: ‘Má gheallann tú dom faoi láthair go bhfuil tú sásta cloí le hordú na cúirte seo, féadfaidh tú imeacht le do theaghlach inniu.’
Cuireadh Burke ar ais go príosún i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite.
D’fhan a mháthair Martina, a athair Seán, a dheartháir Isaac agus a dheirfiúr Ammi i Halla Cruinn na gCeithre Chúirt fad is a bhí an éisteacht ar siúl, tar éis don mbreitheamh cosc a chur orthu freastal ann, bunaithe ar a n-iompar suaiteach roimhe seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.