Tá fear gafa ar amhras faoi dhúnmharú tar éis do na gardaí corp Paddy O’Mahony Snr, a bhí 83 bliain d’aois, a fháil i gCo. Chiarraí.
Glaodh ar Ghardaí chuig a theach cónaithe i gceantar Chaisleán na Mainge (Castlemaine) maidin Dé Domhnaigh, áit ar thángthas ar chorp an athair de chúigear.
Rinneadh scrúdú iarbháis in Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí.
Tuigtear go bhfuair an seanathair bás ó chréacht aon urchar go dtí an cliabh.
Bhí an tUasal O’Mahony ar dhuine de bhunaitheoirí An Riocht Gun Club, dar leis an Irish Independent.
Dúradh sa tuarascáil go bhfuair a bhean chéile, Elisabeth ‘Lillie’ bás i mí na Samhna seo caite agus go raibh sí ar dhuine de na daoine ba mhó meas laistigh d’earnáil seilge agus lámhach (hunting and shooting) na hÉireann.
Chomh maith le bheith ina ghabha gunnaí (gunsmith), bhí sé ina dhéileálaí arm agus ina bhailitheoir arm agus bhí roinnt arm ina theach.
Chuardaigh Gardaí an áit agus fuair siad amach nach raibh arm ar bith in easnamh.
Dúirt sagart paróiste Chaisleán na Mainge, an tAthair Danny Broderick: ‘Táimid ag smaoineamh ar dtús ar an bhfear bocht a fuair bás.
‘Smaoinímid láithreach mar sin ar a theaghlach, agus ar an dóigh a gcaithfidh siad a bheith ag mothú ag an am seo nuair a cailleadh a ndaid i gcúinsí tragóideacha agus ar ndóigh táimid ag smaoineamh ar an bpobal ar fad freisin.
‘Tá pobal álainn anseo i gCaisleán na Mainge. Tugann siad go léir an-tacaíocht agus cuiditheach dá chéile agus tá a fhios againn go mbeidh siad ag teacht le chéile anois le bheith leis an teaghlach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.