

Bliain i ndiaidh bliana, tá sé feicthe againn go bhfuil scrios déanta ag tuilte ar thithe agus ar ghnóthaí ar fud na hÉireann – go háirithe sa deisceart agus san iarthar.
Bíonn siopaí is tithe scriosta agus pobail fágtha ag streachailt agus ag lorg tacaíochta.

Mar sin féin, leanann an bhagairt, agus ní amháin sin, tá sé ag dul in olcas gach bliain. Tá cónaí ar 40% den daonra gar don chósta, agus meastar go mbeidh baol tuilte ann do 70,000 teach in Éirinn faoi 2050.
Agus is measa fós an bhagairt mar gheall ar na stoirmeacha móra atá níos coitianta in Éirinn anois.
Tá Baile Átha Cliath ar cheann de na háiteanna is lú tionchar, an é sin an fáth nach bhfuil an oiread sin éigse agus aicsin faoi tuilte go dtí go tagann siad. Mar is i mBaile Átha Cliath a ndéanann an Rialtas agus an chuid is mó de na meáin a gcuid gnóthaí.
Cibé an fhadhb agus na réitigh atá ann tá clár nua á chraoladh ar TG4 an tseachtain seo chun aird a tharraingt ar na contúirtí.
Tá stoirmeacha is fearthainn ag méadú bliain ar bhliain de bharr athrú aeráide agus scrios timpeallachta, déantar grinnscrúdú ar chostas na dtuilte a thagann leis sa chlár faisnéise uair a chloig, Tuilte, ar TG4 oíche Céadaoin at 9.30in.
Fiosraíonn an clár na rioscaí tuilte is mó in Éirinn – ardú leibhéil farraige ar an chósta agus i gceantair ísle, chomh maith le fearthainn mhéadaithe agus teagmhais stoirme.

Scrúdaíonn an clár faiséise an tionchar a bhí ag tuilte ar phobail éagsúla timpeall na tíre – ag amharc ar an dochar a d’fhulaing pobal Iarthuaisceart Dhún na nGall le stoirmeacha troma i mí Lúnasa 2017.
Cuireann an clár faisnéise seo fírinne na dtuilte agus athrú aeráide faoi chaibidil tríd lionsa na bpobal ar a dtéann siad i bhfeidhm, na hoibrithe deonacha agus grúpaí pobail atá gníomhach le maolú tuilte, agus na saineolaithe a thugann dúinn meastacháin athrú aeráide agus na bealaí is fearr le troid in éadan tuilte agus ardú leibhéil farraige – agus na gníomhartha gur féidir linn a dhéanamh inár gceantar féin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.