

Tá cuideachta réidh chun na milliúin euro a íoc le hoibrithe ban chun leanbh a bheith acu – agus chun cabhrú le heaspa oibrithe na tíre, de réir CNN.
Tá sé beartaithe ag Booyoung Group, gnólacht tógála atá lonnaithe i Seoul, sa Chóiré Theas (South Korea) 100 milliún ‘won’, airgead na Cóiréise (€70,000), a íoc gach uair a bhíonn leanbh acu.
Íocfaidh sé freisin 7 billiún ‘won’ (€5 milliún) leis na fostaithe a raibh 70 leanbh eatarthu cheana féin ó 2021 i leith.
Tá an sochar ar fáil d’fhir agus do mhná, a dúirt urlabhraí cuideachta le CNN.

Ag 0.78 in 2022, tá an ráta torthúlachta (fertility rate) is ísle ar domhan ag an gCóiré Theas – rud a léiríonn an líon leanaí a bheidh ag bean le linn a saoil ar an meán –agus táthar ag súil go dtitfidh sin go 0.65 in 2025, de réir réamhaisnéisí oifigiúla ó Staitisticí na Cóiré.
Léiríonn na sonraí an géarchéim dhéimeagrafach (demographic timebomb) atá roimh an gCóiré Theas agus náisiúin Oirthear na hÁise, agus a sochaithe ag dul in aois go tapa cúpla bliain tar éis a dtionsclaíochta drámatúil.
Tá daonraí atá ag dul in aois ag go leor náisiún Eorpach cosúil le hÉirinn freisin, ach maolaítear luas agus tionchar an athraithe sin ag inimirce ó thíortha eile.
Níl inimirce ag tíortha ar nós na Cóiré Theas, na Seapáine agus na Síne, áfach, mar atá ag tíortha mar Éirinn, chun dul i ngleic leis an laghdú (drop) ar a ndaonraí in aois oibre (working age populations).
Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Booyoung, Lee Joong-keun, go bhfuil an chuideachta ag tairiscint ‘tacaíocht airgeadais dhíreach’ dá fostaithe chun cabhrú leis an ualach (burden) airgeadaíochta a bhaineann le leanaí a thógáil a mhaolú (ease).
Tabharfar an rogha d’fhostaithe a bhfuil triúr leanaí acu rogha a dhéanamh idir 300 milliún ‘won na Cóiré (€210,000) in airgead nó i dtithíocht ar cíos a fháil, má sholáthraíonn an rialtas talamh le haghaidh tógála.

‘Tá súil agam go n-aithneofaí muid mar chuideachta a chuidíonn le breitheanna a spreagadh… agus atá buartha faoi thodhchaí na tíre,’ a dúirt Lee lena fhostaithe.
Tá buntáistí airgeadais ar fáil cheana féin ó rialtas na Cóiré Theas agus ag cuideachtaí príobháideacha eile chun daoine a spreagadh chun níos mó leanaí a bheith acu, ach níl aon cheann ar scála buntáistí Booyoung Group.
Tá cláir chomhchosúla ann freisin sa tSín, ina bhfuil laghdú tagtha ar an daonra le dhá bhliain díreach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.