Leo agus Rishi Sunak chun bualadh le chéile sa Tuaisceart

04/02/2024

Tiocfaidh ceannairí an dá rialtas le chéile Sa Tuaisceart tar éis rialtas Stormont a athbhunú

Tá an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine le taisteal go Béal Feirste tar éis athbhunú rialtais Stormont sa Tuaisceart.

Beidh cainteanna déthaobhacha ag Leo Varadkar agus Rishi Sunak agus iad sa Tuaisceart le haghaidh cruinnithe tar éis athbhunú an Tionóil (Assembly) agus an Fheidhmeannais (Executive).

Tá siad le bualadh leis na hAirí nua agus leis na MLAeanna freisin.

Beidh Leo Varadkar sa Tuaisceart le Rishi Sunak
Beidh Leo Varadkar sa Tuaisceart le Rishi Sunak

Dúirt an tUasal Varadkar gur labhair sé ar an nguthán le Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly, an Chéad Aire agus an leas-Chéad Aire nua, ‘chun comhghairdeas a dhéanamh leo agus gach rath a ghuí orthu ina gcuid oibre’.

Tar éis ‘deireadh seachtaine an-dearfach’, dúirt an Taoiseach go bhfuil sé ag tnúth le bualadh leis an Uasal Sunak ‘chun filleadh ar an Tionól agus ar an bhFeidhmeannas a phlé’.

Dúirt sé: ‘Tá an bheirt againn ag iarraidh go n-oibreodh Comhaontú Aoine an Chéasta do chách ar an oileán.’

Táthar ag súil go dtiocfaidh Airí i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt le chéile Dé Luain, agus an chéad suí den Tionól beartaithe don Mháirt.

Tá an tAire Sláinte, Robin Swann, tar éis scríobh chuig na ceardchumainn ag tabhairt cuireadh dóibh dul chuig cainteanna dírithe ar réiteach a fháil ar an aighneas faoi phá san earnáil phoiblí as ar tháinig ollstailc (general strikes) an mhí seo caite.

Rishi Sunak
Rishi Sunak

‘Sin é mo thosaíocht láithreach agus ba mhaith liom caibidlíochtaí (negotiations) pá a thionscnamh gan mhoill,’ a dúirt sé.

Tá gealltanas tugtha ag rialtas na Breataine go n-eiseofar pacáiste maoinithe tar éis athchóiriú a dhéanamh ar institiúidí an Tuaiscirt, a áiríonn airgead atá curtha in áirithe d’aighneas pá na hearnála poiblí, cé nach bhfuil sé soiléir fós an leor an méid atá curtha ar fáil do na hoibrithe sláinte.

Ag labhairt di leis an BBC Dé Domhnaigh, dúirt Iníon O’Neill gurb é an tsamhail mhaoinithe (funding model) sa Tuaisceart ‘an phríomhcheist tosaíochta atá againn le chéile’ san Fheidhmeannas.

Bhí an rialtas ag feidhmiú don chéad uair le dhá bhliain Dé Sathairn, tar éis don DUP socrú a dhéanamh le rialtas na Breataine deireadh a chur lena bhaghcat (boycott) ar shocruithe trádála iar-Brexit.

Michelle O'Neill
Michelle O’Neill

Ba í leas-uachtarán Shinn Féin Michelle O’Neill, a ainmníodh mar Chéad-Aire, an chéad náisiúnach a ghlac an post i stair an Tuaiscirt, agus ghlac Emma Little-Pengelly an DUP ról an Leas-Chéad Aire.

Shroich an tUasal Sunak an Tuaisceart tráthnóna Dé Domhnaigh le haghaidh cuairte dhá lá.

Dúirt sé gur ionann £3.3billiún (€3.8 billiún) agus ‘socrú flaithiúil agus cothrom’ don Tuaisceart, agus chinnteodh sé go mbeadh airgeadas poiblí ‘inbhuanaithe go fadtéarmach’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram