Pictiúr de MP athraithe chun go mbeadh cuma níos mó ar a cíocha (breasts)

31/01/2024

‘Caitear le mná mar nithe gnéis (sexual objects)’, a deir an MP agus déanann stiúrthóir an chláir nuachta iarracht an milleán a chur ar chóras Photoshop.

D’athraigh cainéal nuachta teilifíse pictiúr de MP baineann chun go mbeadh cuma níos mó ar a cíocha agus chun a ‘midriff’ a nochtadh (reveal).

Agus nuair a rinne an MP Georgie Purcell gearán faoin athrú d’éiligh stiúrthóir an chláir go ndearna Photoshop an t-athrú go huathoibríoch (automatically).

Athraíodh pictiúr, ar chlé, chun go mbeadh cuma níos mó ar 'cíocha 'breasts' an MP agus chun a 'midriff 'a thaispeáint
Athraíodh pictiúr, ar chlé, chun go mbeadh cuma níos mó ar ‘cíocha ‘breasts’ an MP agus chun a ‘midriff ‘a thaispeáint

Mar sin féin, dúirt an chomhlacht ar leis Photoshop, Adobe, nach bhféadfadh sé sin tarlú.

Cháin MP na hAstráile Ms Purcell Nine News i Melbourne as an íomhá (image) athraithe a úsáid i gcraoladh oíche Luain.

Dúirt Ms Purchell, atá ina MP i Victoria don Pháirtí um Cheartas Ainmhithe (Animal Justice Party), gurbh é an lá ‘is measa’ a bhí aici cheana féin ó toghadh í, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosc a chur ar sheilg lachan (duck hunting).

Dúirt sí gur fhulaing mé go leor Dé Luain ach ní raibh sí ag súil go mbeadh a corp agus a héadaí ‘Photoshopped’ ag na meáin.

Dúirt an MP go gcaithfidh mná déileáil leis an ngnéasú leanúnach agus an oibiachtúlacht (sexualisation and objectification) a bhaineann le híomhánna a athrú.

‘Bímis soiléir – ní rud é seo a tharlaíonn do mo chomhghleacaithe fireanna,’ a dúirt sí.

‘Is é an teachtaireacht a théann amach chuig mná agus cailíní óga le seo, ná go mbíonn do chorp “up for grabs” i gcónaí.’

Ghabh stiúrthóir an chláir nuachta Hugh Nailon leithscéal leis an MP Dé Máirt ach rinne sé iarracht ansin an milleán a chur ar chóras grafach Photoshop.

Dúirt sé: ‘Fuair ár rannóg grafaicí íomhá ar líne de Georgie le húsáid inár scéal ar sheilg lachan. Mar is gnách, rinneadh méid na híomhá a athrú chun ár sonraíochtaí a oiriúnú.

‘Le linn an phróisis sin, chruthaigh Photoshop íomhá nach raibh ag teacht leis an mbunleagan (original).

Níor chomhlíon sé seo na caighdeáin arda eagarthóireachta atá againn agus gabhaimid leithscéal as sin le Ms Purcell.’

Ach dúirt urlabhraí do Adobe: ‘Theastódh idirghabháil agus ceadú ó dhuine chun aon athruithe ar an íomhá seo a dhéanamh.’

Dúirt teagascóir Photoshop atá bunaithe i Melbourne, David Ewing: ‘Ní dhéanfadh Photoshop aon rud leis féin seachas an grianghraf a oscailt. D’inis duine éigin do Photoshop conas cuid den íomhá a roghnaigh siad a chur in eagar.’

Dúirt an ceannaire rialtais i Victoria, Jacinta Allan, a bhí le feiceáil freisin sa ghrafaic in aice leis an MP, ach nach raibh an chuma ar a íomhá a bheith curtha in eagar, gur ábhar imní an eachtra.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram