RABHADH! Bí ag faire do bhruitíneach (measles) roimh bhriseadh meáin téarma na scoile

29/01/2024

Tá foláireamh tugtha ag an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) go bhfuil méadú ag teacht ar an mbruitíneach  (measles) ar fud na hEorpa agus sa Bhreatain agus go mbeidh go leor daoine ag taisteal isteach agus amach as Éirinn le linn na saoire scoile gairid

Tá rabhadh tugtha ag HSE do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil a gcuid leanaí vacsaínithe in aghaidh na bruitíní  (measles) mar go bhfuil ‘ardú suntasach ar chásanna sa Bhreatain agus san Eoraip.

Tagann an rabhadh mar go bhfuil an briseadh meáin téarma scoile ag teacht agus go mbeidh níos mó daoine ag taisteal go hÉirinn agus amach aisti.

Tá an bhruitíneach  (measels) an-tógálach (contagious) agus féadann cás amháin scaipeadh go dtí suas le dáréag (12) eile go han-éasca
Tá an bhruitíneach  (measles) an-tógálach (contagious) agus féadann cás amháin scaipeadh go dtí suas le dáréag (12) eile go han-éasca

Tá an bhruitíneach  (measles) an-tógálach (contagious) agus féadann cás amháin scaipeadh go dtí suas le dháréag (12) eile go han-éasca.

Chomh maith leis sin bíonn daoine tógálach ar feadh roinnt laethanta sula mbriseann siad amach le gríos (rash).

Chun an bhruitíneach  (measles) a stopadh ó leathadh (spreading), ba chóir a chinntiú go bhfuil an vacsaín MMR is déanaí ag leanaí, a chosnaíonn (prevents) ar leicneach (mumps) agus ar bhruitíneach dhearg (rubella, red measles) freisin.

I measc na gcomharthaí (symptoms) don bhruitíneach tá fiabhras ard (fever), casacht, srón rite agus gríos (rash).


meales2

Bearta chun leathadh na bruitíní a chosc má cheapann tú go bhfuil an bhruitíneach agat:

  • Ná téigh go dtí an obair, scoil nó naíolann.
  • Fan sa bhaile agus cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh. Abair leis an dochtúir nó leis an altra go gceapann tú go bhféadfadh an bhruitíneach a bheith ort.
  • Cuir stop le cuairteoirí teacht go dtí an teach chun leathadh na bruitíní a chosc.
  • Ba chóir do mhná torracha comhairle leighis a lorg a luaithe is féidir.

Moltar d’aon duine a fhaigheann na comharthaí sin, nó a bhí i dteagmháil le duine ar a bhfuil an bhruitíneach, fanacht sa bhaile agus dul i dteagmháil lena ndochtúir

Dúirt Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta Imdhíonta (National Immunisation Office) don HSE, an Dr Lucy Jessop gur féidir leis an víreas scaipeadh go tapa idir daoine nach bhfuil vacsaínithe acu.

Is féidir leis an bhruitíneach (measles) a bheith an-tromchúiseach, go háirithe do leanaí agus do ghrúpaí leochaileacha (vulnerable).

Dúirt sí go bhfuil an vacsaín in aghaidh na bruitíní (measles), na leicneach agus na bruitíní deirge an-tábhachtach mar ‘is féidir fadhbanna tromchúiseacha eile a bheith mar thoradh ar na coinníollacha seo freisin lena n-áirítear meiningíteas (meningitis), cailliúint éisteachta (hearing loss) agus fadhbanna le linn toirchis (pregnancy).

Dúirt sí le tuismitheoirí: ‘Má theip ort féin nó do leanbh vacsaíní a fháil, níl sé ródhéanach é a fháil.’

Má theip ort féin nó do leanbh vacsaíní a fháil, níl sé ró-dhéanach é a fháil
Má theip ort féin nó do leanbh vacsaíní a fháil, níl sé ró-dhéanach é a fháil

Dúirt an Dr Jessop leis an gclár Today with Claire Byrne ar RTÉ Raidió 1, gur cheart do tuismitheoirí seiceáil anois mar go bhfuil an brise meáin téarma ag teacht aníos do pháistí scoile agus go bhféadfadh go leor daoine a bheith ag taisteal chuig agus ón mBreatain agus áiteanna Eorpacha eile.

Spreag sí tuismitheoirí seiceáil lena ndochtúir agus a chinntiú go bhfuil a gcuid leanaí vacsaínithe go hiomlán.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SLÁINTE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram