

Is é an tOllamh Michael O’Flaherty ó Bhóthar na Trá (Salhill), Co na Gaillimhe, Coimisinéir um Chearta an Duine nua do Chomhairle na hEorpa.
Nuair a toghadh é dúirt an tOllamh O’Flaherty gur rud tábhachtach é go dtagann an coimisinéir nua as Éirinn, mar nach bhfuil ceannasaíocht choilíneachta (colonial domination) aici agus go bhfuil dúshláin ina stair lena n-áirítear an t-ocras (starvation).

Toghadh an gníomhaí cearta daonna (human rights activist) agus iar-shagart don phost ag Tionól Parlaiminteach na Comhairle (Council’s Parliamentary Assembly) i Strasbourg an tseachtain seo.
D’fhreastail an tOllamh O’Flaherty ar scoil i Scoil Iognaid i gcathair na Gaillimhe, agus ar Willow Park School agus ar Blackrock College i gCo Baile Átha Cliath.
Oirníodh (ordained) ina shagart Caitliceach é i 1987, ach d’fhág sé an tsagartacht chun dul i mbun obair chearta an duine sna 1990idí.
Tá O’Flaherty ina Ollamh le Dlí Cearta Daonna ag Ionad na hÉireann um Chearta an Duine in Ollscoil na Gaillimhe ó mhí Feabhra 2013.

Is institiúid neamhbhreithiúnach neamhspleách neamhchlaonta (independent agus impartial agus non-judicial) é an Coimisinéir um Chearta an Duine a bhunaigh Comhairle na hEorpa i 1999 chun feasacht (awareness) ar chearta an duine agus meas ar chearta an duine a chur chun cinn ar fud 46 ballstát na Comhairle.
Roimhe seo bhí roinnt post sinsearach ag an Ollamh O’Flaherty sna Náisiúin Aontaithe, agus bhí sé ina Phríomh-Choimisinéir ar Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine.
Dúirt sé leis an Irish Times go raibh a thaithí sa Tuaisceart ina ullmhúchán riachtanach don phost mar go gcabhraíonn sé le ‘droichid a thógáil agus muinín a bhunú trasna pobail roinnte’.
Dúirt sé go bhfuil sé suntasach d’fhigiúr Éireannach an post a shealbhú.
‘Ciallaíonn teacht as Éirinn go dtagann an coimisinéir ó thír bheag nach bhfuil stair de cheannas na coilíneachta aici, tír a raibh eolas aici ar dhúshláin ollmhóra i rith na staire, an t-ocras san áireamh,’ a dúirt an tOllamh O’Flaherty.

‘Tá taithí againn ar Chomhaontú Bhéal Feirste-Aoine an Chéasta agus ar an bpróiseas síochána a thugann ceachtanna thar a bheith ábhartha do go leor sochaithe (societies) eile atá ag tabhairt aghaidh ar choimhlint.’
D’fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin roimh cheapachán an Ollaimh O’Flaherty a rinne obair an-tábhachtach ‘i roinnt post ardleibhéil i réimse chearta an duine’.
Dúirt an tOllamh O’Flaherty leis an Irish Times freisin: ‘Tá ról an choimisinéara thar a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann, tráth go bhfuil mí-úsáidí cearta daonna ann agus chomh maith leis sin go bhfuil diúltú ag daoine don chóras cearta daonna.’
Bhuaigh an tOllamh O’Flaherty le 104 vóta as 211 i vóta de chuid thionól parlaiminteach Chomhairle na hEorpa oíche Dé Céadaoin, ag cur in aghaidh na n-iarrthóirí iomaíochta Meglena Kuneva na Bulgáire agus Manfred Nowak na hOstaire.
Rachaidh sé i mbun an phoist ar 1 Aibreán.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.