Pobalbhreith Amárach: An áit is coitianta in Éirinn le dul ar saoire … agus an áit is lú tóir freisin

20/01/2024

Tá rogha ag go leor Éireannach anois fanacht in Éirinn ar a laethanta saoire agus trioblóid is costas eitiltí a sheachaint, le sin is iad seo na háiteanna is fearr leo cuairt a thabhairt orthu

Toisc nach féidir le tíortha níos grianmhaire an ghrian a ráthú a thuilleadh, mar gheall ar athrú aeráide, tá níos mó teaghlach ag roghnú dul ar saoire in Éirinn.

Ar a laghad nuair a théann tú ar saoire anseo is beag seans go mbeidh creathanna talún (earthquake) nó bolcáin (volcano) ann.

Faoi láthair ar aon nós.

Agus é ráite, d’eagraigh Amárach pobalbhreith do ExtrG.ie féachaint cad iad na háiteanna le haghaidh laethanta saoire is mó a bhfuil tóir orthu in Éirinn.

Oileáin Árann
Oileáin Árann

Ní nach ionadh, dar le pobalbhreith Amárach/Extrag.ie, gur tugadh le fios gurb é Ciarraí an áit is mó tóir in Éirinn le dul ar saoire.

Roghnaigh suas le 38% de na 375 duine a d’fhreagair an cheist, an ‘Kingdom’, áit atá oidhreacht shaibhir chultúrtha agus blas álainn Ghaeilge Chiarraí ann, chomh maith le háilleacht iontach Lochanna Chill Airne (Killarney) agus na seoda agus na fáilte a fuarthas sna tithe tábhairne agus caiféanna sa sráidbhaile mar an tSnaidhm (Sneem) atá scaipthe ar fud na tíre.

Agus do Ghaeilgeoirí is féidir turas a thabhairt ón Daingean (Dingle) go dtí an dara háit is mó tóir in Éirinn, Gaillimh.

Bhí Gaillimh sa dara, le 36% díobh siúd a ghlac páirt i bpobalbhreith Amárach ag roghnú an contae i gConnacht lena chathair fhairsing, ceann de na cathracha is fearr san Eoraip do chultúr sráide, agus a chósta iontach, Oileáin Árann agus an Ghaeltacht.

Tá Corcaigh sa tríú háit sa phobalbhreith do Amárach agus ExtraG.ie le 34% sásta ‘fíorchaipiteal’ na hÉireann a roghnú. Agus cén fáth nach mbeadh siad.

Baile Átha Cliath
Baile Átha Cliath

Tá cathair óg sa chontae atá i gcónaí ag athrú agus, ar ndóigh, ‘buzz’ na hollscoile; agus tá an oiread sin bailte agus sráidbhailte clúiteach leis na mbialanna is fearr ann.

Tá Baile Átha Cliath sa cheathrú háit agus dúirt an ceathrú cuid díobh siúd a d’fhreagair go mbeadh siad sásta dul ar saoire sa phríomhchathair. B’fhéidir cúis amháin a bhfuil an líon chomh híseal sin ná go bhfuil formhór na ndaoine ina gcónaí agus ag obair ann cheana féin agus ar mian leo dul ar saoire ina gclós cúil féin.

Is é an t-iontas mór a bhaineann le pobalbhreith Amárach/ExtraG.ie ná Dún na nGall. Ní dúirt ach 20% de mhuintir na hÉireann go mbeidís ag dul ann.

Níl a fhios acu cad atá in easnamh orthu. Tá Dún na nGall chomh maith le Ciarraí maidir le háilleacht nádúrtha. Agus má tá tú ann, níl cathair stairiúil Dhoire ach turas gearr uait.

Is áit saoire coitianta é an tSnaidhm (Sneem) i gContae Chiarraí
Is áit saoire coitianta é an tSnaidhm (Sneem) i gContae Chiarraí

Tá Gaeltacht shaibhir ansin freisin agus go leor cúrsaí seachtaine (nó níos faide) chun do chuid Gaeilge a chleachtadh agus taitneamh a bhaint as an gcraic.

Mar sin caithfidh lucht Dhún na nGall dul amach ansin agus a thaispeáint dóibh cad atá acu.

Baineann an teachtaireacht chéanna le Tír Eoghain (Tyrone), an áit do laethanta saoire is lú tóir (agus ní amháin do lucht peile Chiarraí) atá sa tír.

Tá Ard Mhacha, Uíbh Fhailí, Muineachán agus Lú (Armagh, Offaly, Monaghan and Louth) i measc na n-áiteanna is lú seans go dtaistealaíonn Éireannaigh chucu ar saoire in Éirinn


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram