Rinne Fergie ‘botún amaideach’ nuair a bhí Keane ag dul as Man United

Bhí grá ag an lucht leanúna do Keane ach níor léirigh Ferguson an meas céanna nuair a bhí an t-imreoir Éireannach ag imeacht

Labhair Roy Keane faoi botún  a rinne Alex Ferguson nuair a bhí an laoch Manchester United ag fágáil an chlub in 2005.

Chaith Keane breis is deich mbliana le Manchester United – cuid mhaith den am sin mar chaptaen – go dtí gur tháinig deireadh tobann lena ghairm bheatha in Old Trafford.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
Roy Keane
Roy Keane

Bhí coimhlint aige leis an mbainisteoir Alex Ferguson tar éis agallamh cáiliúil le MUTV i mí na Samhna 2005 agus tháinig deireadh lena chonradh trí chomhaontú frithpháirteach (mutual agreement).

Thainig deireadh le ré Keane le Manchester United go tapa agus bíonn iar-chaptaen na hÉireann ag caint faoin scéal go minic, i rith na mblianta.

Tá gné eile curtha leis an scéal ag Keane, atá 52 bliain d’aois, áfach – faoi earráid aisteach a rinne Ferguson agus iar-phríomhfheidhmeannach an chlub David Gill.

Tá sé ráite ag Keane go raibh a imeacht ón bhfoireann socraithe cheana féin sular labhair sé le Ferguson agus Gill fiú, ach ní raibh siad in ann na blianta cearta a luadh agus iad ag caint leis.

Alex Ferguson
Alex Ferguson

‘Go hiondúil ní bhíonn fadhb ar bith agam nuair a insíonn club d’imreoir imeacht – is é sin mar atá sa chluiche ina bhfuilimid,’ a dúirt sé ar Stick to Football.

‘Duit [Ian Wright], shuigh siad síos leat agus bhí comhrá agaibh – domsa, ar a laghad, tá sé sin cineál ómósach (respectful).’

Dúirt sé, áfach, gur glaodh chuig cruinniú é le Ferguson agus Gill, agus sular shuigh sé síos, bhí ráiteas ullmhaithe acu cheana féin.

‘Seo í mo cheist – d’ullmhaigh siad ráiteas cheana féin, agus bhí na blianta mícheart,’ a dúirt sé.

Shínigh Keane do Celtic an mhí dár gcionn sular éirigh sé as an bpeil go hiomlán i samhradh na bliana 2006.

keneCarragh
Roy Keane agus Jamie Carragher i 2005 

Bhí an rogha ag an iar-imreoir lár páirce, áfach, fanacht sa Premier League tar éis dó tairiscint a fháil ó Everton – tairiscint a bhraith sé go raibh air a dhiúltú.

Dúirt sé: ‘Ba mhaith an rud é Everton ag an am – an áit, agus bhí an-mheas agam ar David Moyes – ach bhraith mé nach raibh mé in ann dul chuig foireann Shasana eile.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram