Ba ‘Carpenter’ é Íosa freisin! Cé hí Sabrina, ‘cailín conspóideach nua’ Barry Keoghan?

08/01/2024

Chuir gníomhaíocht Sabrina Carpenter in eaglais Chaitliceach i Nua-Eabhrac uafás ar an easpag áitiúil, chonacthas na milliúin é ar líne … agus mar gheall air briseadh ceannaire eaglaise as a phost.

Is é an scéal ó Hollywood ná go bhfuil an cailín nua i saol Barry Keoghan, Sabrina Carpenter, gaolta leis na Simpsons agus ba chúis í le conspóid san eaglais Chaitliceach a chuir deireadh le ceannaire eaglaise.

Bhí Sabrina Carpenter, atá 24 bliain d’aois agus arb as Pennsylvania di, ina réalta ar Girl Meets World de chuid cainéal Disney mar Maya Hart, sular thosaigh sí ar shlí bheatha rathúil popcheoil.

Chuaigh Sabrina víreasach (viral) mar gheall ar a freagra ar an gconspóid le linn agallaimh leis an iris, Variety
Chuaigh Sabrina víreasach (viral) mar gheall ar a freagra ar an gconspóid le linn agallaimh leis an iris, Variety

Ceanglaíodh Keoghan, atá 31 bliain d’aois, le Sabrina den chéad uair nuair a chonacthas iad ar dháta dinnéir i Los Angeles i mí na Nollag.

Sin sé mhí tar éis scaradh Barry ó Alyson Kierans, a raibh sé i gcaidreamh leis ar feadh dhá bhliain. Tá mac acu le chéile, Brando.

Bhí Barry ag dul amach freisin le Shona Guerin, ar bhuail sé léi ar Aoine an Chéasta (Good Friday) in 2017 nuair a bhí sí ag obair mar fhreastalaí (waitress)  i dteach tábhairne i gCiarraí.

Scar siad in 2020, agus bhuail Barry le hAlyson go gairid ina dhiaidh sin.

An naisc atá ag Sabrina le Hollywood ná gur neacht (niece) í ag Nancy Cartwright, a bhfuil aithne uirthi mar ghuth Bart Simpson ar na Simpsons.

Bhí Barry ag dul amach freisin le Shona Guerin, ar bhuail sé léi ar Aoine an Chéasta (Good Friday) in 2017 nuair a bhí sí ag obair mar fhreastalaí (waitress)  i dteach tábhairne i gCiarraí
Bhí Barry ag dul amach freisin le Shona Guerin, ar bhuail sé léi ar Aoine an Chéasta (Good Friday) in 2017 nuair a bhí sí ag obair mar fhreastalaí (waitress)  i dteach tábhairne i gCiarraí

Mar sin féin, má tá ainm Sabrina Carpenter cloiste agat le míonna beaga anuas, b’fhéidir gur léigh tú na ceannlínte maidir leis an bhfíseán pop ‘sacrilegious’ a scannánaíodh ar altóir eaglais i Nua-Eabhrac.

D’eisigh an Monsignor Jamie J Gigantiello a leithscéal agus chaill sé a phost mar riarthóir eaglaise (church administrator) ina dhiaidh sin tar éis dó cead a thabhairt do Sabrina scannánú ag an ‘Annunciation of the Blessed Virgin Mary Church’ in Brooklyn.

Agus í ag taispeáint na radharcanna dá hamhrán nua Feather, is féidir Sabrina a fheiceáil ag teacht go dtí an séipéal, agus í gléasta go gríosaitheach (provocatively) agus í i gcóiste marbh bándearg (pink hearse) le haghaidh ‘sochraid’ a iar-bhuachaillí.

Bhí Easpag Robert Brennan ar buile faoin bhfíseán, a bhailigh na milliúin radharc ar líne.

Bhí Easpag Robert Brennan ar buile faoin bhfíseán a rinne sí, a bhailigh na milliúin radharc ar líne
Bhí Easpag Robert Brennan ar buile faoin bhfíseán a rinne sí, a bhailigh na milliúin radharc ar líne

‘Gabhaim mo leithscéal ó chroí as an léiriú náireach seo atá á shéanadh go croíúil agam,’ a dúirt Gigantiello lena pharóiste i litir a cuireadh suas ar Facebook.

‘D’aontaigh mé leis an scannánú tar éis cuardach ginearálta a dhéanamh ar na healaíontóirí nár léirigh aon rud amhrasach.’

Chuaigh Sabrina víreasach (viral) mar gheall ar a freagra ar an gconspóid le linn agallaimh leis an iris, Variety. D’áitigh an réalta go raibh ‘cead roimh ré’ faighte aici ón eaglais, sular dúirt sí: ‘Agus “Carpenter” ba ea Íosa’.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram