Cuireann Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna KWETB réimse leathan cúrsaí ar fáil atá curtha in oiriúint do dhaoine aonair. Teastaíonn cáilíochtaí sainiúla ó earnálacha amhail cúram sláinte, slándáil, scéimh, an earnáil dhigiteach, airgeadas, teicneolaíocht, ceol, tógáil, cúram ainmhithe, na healaíona cócaireachta, ceirdeanna agus riarachán gnó – is féidir leat teacht ar an eolas ar fad a theastaíonn uait anseo. Aimsigh Cúrsa ANSEO
Ó chúrsaí gairide atá roinnt laethanta nó seachtainí ar fad go hardcháilíochtaí atá bliain nó dhó ar fad, tá rud éigin ann do gach duine.
Cinnteofar go bhfaigheann gach foghlaimeoir an tacaíocht a theastaíonn le go n-éireoidh leo. Faigh amach faoi na cúrsaí ar fad, agus faoi chúrsaí eile ar fud na tíre – anois an t-am is fearr le tosú. Faigh Cúrsa ANSEO
Mar a deir Ken Seery, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna: ‘Gach bliain tagann os cionn 14,000 duine fásta isteach go KWETB chun oiliúint agus uasoiliúint a fháil.
‘Bronnaimid 8,000+ teastas gach bliain agus táimid an-bhródúil as an atmaisféar dearfach agus an meon comhoibríoch idir na baill foirne agus na mic léinn anseo.
‘Tá ullmhacht chun fostaíochta ár mac léinn tar éis dóibh a gcuid cúrsaí a chríochnú ina léiriú ar an gcaighdeán tacaíochta agus teagaisc den scoth a chuirimid ar fáil.’
An bhfuil cabhair ag teastáil uait le do chúrsa nua a roghnú? Cuireann na Seirbhís Treorach do Dhaoine Fásta treoir oideachasúil agus ghairme ar fáil atá saor in aisce, rúnda agus pearsantaithe chun tacaíocht a thabhairt duit beag beann ar do chúlra nó d’ardaidhmeanna oideachais.
Níl ach clic amháin idir tú féin agus do ghairm bheatha nua don bhliain 2024.
Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin tacaíocht agus comhordú ar fáil i gcomhair seirbhísí oideachais, oiliúna agus óige i gCill Dara agus Cill Mhantáin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.