Tá bean marbh agus tugadh beirt pháistí chuig an ospidéal tar éis timpiste bóthair a bhain le carr agus veain i gCo. Chill Dara tráthnóna Dé Máirt.
Tharla an t-imbhualadh thart ar 6.15pm ar an R148 i gCluain Conaire (Cloncurry) sa Bhóthar Buí (Enfield).
Agus níos luaithe sa lá fuair gluaisrothaí bás i dtimpiste i gCo. an Chabháin.
Tagann na timpistí seo tar eis tuarisciú go bhfuair 184 duine bás ar bhóithre na hÉireann an bhliain seo caite, de réir figuirí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Sin Léiríonn méadú de 19% ar bhásanna ar bhóithre na hÉireann i gcomparáid le 2022.
Fógraíodh go raibh tiománaí an chairr sa timpiste i gCill Dara, bean atá ina 40idí, marbh ag an láthair.
Tógadh beirt leanaí óga a bhí ag taisteal sa charr chomh maith go dtí an t-ospidéal leanaí i gCromghlinn (Crumlin) i mBaile Átha Cliath, áit ar cuireadh síos ar a gcoinníollacha mar tromchúiseach ach seasmhach (serious but stable).
Tugadh an fear a bhí ag tiomáint an veain chuig an ospidéal le gortuithe nach raibh bagairt saoil orthu.
Dúnadh an R148 ag Cluain Conaire idir an Bóthar Buí agus Cill Choca (Kilcock) i ndiaidh na timpiste.
D’eagraigh aonad Imscrúdaithe Fóiréinseach an Gharda Síochána scrúdú teicniúil ar an láthair do maidin Dé Céadaoin.
Tá Gardaí ag iarradh ar aon fhinnéithe le aon eolas faoin imbhualadh seo teacht chun tosaigh.
Iarrtar ar aon úsáideoir bóithre a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu (lena n-áirítear dash-cam) agus a bhí ag taisteal ar an R148 idir an Bóthar Buí agus Cill Choca idir 6pm agus 6.30pm Dé Máirt an scannán seo a chur ar fáil do na Gardaí.
Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas aige/aici dul i dteagmháil le stáisiún Garda Léim an Bhradáin (Leixlip) ar 01 666 7800, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon stáisiún Garda.
Agus fuair fear a bhí ina 40idí bás tar éis timpiste idir carr agus gluaisrothar tráthnóna Dé Máirt.
Tharla an t-imbhualadh ag thart ar 3.10pm ar an bpríomhbhóthar idir an Cabhán agus Béal Átha na nEach (Ballinagh) ar an N55 ag Corlurgan.
Fógraíodh go raibh an gluaisrothaí, fear ina 40idí, básaithe ag an láthair. Níor tuairiscíodh gortuithe ar bith eile.
Tá Gardaí ag iarradh ar fhinnéithe don timpiste seo labhairt leo freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.