

Bhí ‘soaps’, spórt, drámaíocht agus siamsaíocht ar na seóanna is mó a raibh tóir orthu i mbliana leis an gcraoltóir, le 35 milliún uair an chloig curtha ar fail agus 1.8 milliún úsáideoir uathúil (unique) a bhaint amach in aghaidh na míosa.
Ní nach ionadh go raibh lucht féachana na hÉireann i bhfabhar na ‘soaps’ don chuid is mo, lena n-áirítear EastEnders, Home & Away agus ar ndóigh Fair City.

Ba bhuaiteoirí móra freisin iad drámaí a bhfuil cáil mhór orthu lena n-áirítear Kin, Happy Valley agus Love/Hate le sruthóirí ar fud na tíre.
Ba bhliain shuntasach í 2023 do spórt na hÉireann, le lucht leanúna na hÉireann ag craoladh gach rud ó Chorn an Domhain Rugbaí go Craobh na hÉireann an CLG agus Corn Domhanda na mBan de chuid FIFA.
Ar ndóigh, ba é an 26 Iúil an lá ba mhó den bhliain ar Seinnteoir RTÉ, le breis agus 250,000 uair an chloig d’ábhar á shruthú ar an lá a raibh Katie McCabe i gceannas ar Phoblacht na hÉireann i gcluiche ríthábhachtach in aghaidh an Astráil le linn Chorn Domhanda na mBan.

Bhí an-tóir freisin ar go leor clár a rinneadh in Éirinn, agus bhí lucht féachana ag féachaint ar The Late Late Show, The Tommy Tiernan Show agus First Dates Ireland ina sluaite.
Ag labhairt dó faoin rath a bhí ar Seinnteoir RTÉ le 12 mhí anuas, dúirt Ceannaire Seinnteoir RTÉ Aoife Byrne: ‘Ba í 2023 an bhliain ba mhó riamh do Seinnteoir RTÉ agus an tseirbhís sruthú ar tí an 100 milliún sruth a bhaint amach do 2023.
‘In éineacht le himeachtaí móra beo ar nós Chorn Domhanda na mBan, The Sunday Game Live, Corn Rugbaí an Domhain agus The Late Late Toy Show, chuir an lucht féachana an-chuid suim ins na mboscaí drámaíochta móra ar a n-áirítear KIN, Happy Valley, Smother agus One Tree Hill.

Bhí an-tóir ar seónna mar Room to Improve, Home of the Year agus na soaps freisin.
‘Le bliain anuas tá níos mó rogha curtha le chéile againn ná riamh i ngach seánra ar Seinnteoir RTÉ, agus leanamar lenár n-infheistíocht chun a chinntiú go mbíonn taithí iontach sruthú ag an lucht féachana, beo agus ar éileamh.
‘Tá fáil níos mó againn ar an aip Seinnteoir RTÉ freisin thar níos mó ardán teilifíse ná riamh. Tá go leor eile ar siúl do 2024.’
Amharc ar liosta iomlán na gclár is fearr le haghaidh 2023 thíos
| 1 | EastEnders |
| 2 | Home and Away |
| 3 | Fair City |
| 4 | KIN |
| 5 | The Saturday/Sunday Game |
| 6 | Corn an Domhain Rugbaí |
| 7 | Happy Valley |
| 8 | Love/Hate |
| 9 | The Late Late Show |
| 10 | Corn Domhanda na mBan FIFA |
| 1 | KIN |
| 2 | Happy Valley |
| 3 | Love/Hate |
| 4 | Unforgotten |
| 5 | Normal People |
| 6 | One Tree Hill |
| 7 | Frasier |
| 8 | Clean Sweep |
| 9 | Gossip Girl |
| 10 | Smother |
| 1 | Corn Domhanda na mBan FIFA Beo: Poblacht na hÉireann v An Astráil (20 Iúil 2023) |
| 2 | Corn Rugbaí an Domhain 2023: An Afraic Theas v Éire (23 Meán Fómhair 2023) |
| 3 | Corn Domhanda na mBan FIFA Beo: Ceanada v Éire (26 Iúil 2023) |
| 4 | Cluiche an Domhnaigh Beo: Cill Chainnigh v Luimneach, Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann (23 Iúil 2023) |
| 5 | Cluiche an Domhnaigh Beo: Áth Cliath v Ciarraí, Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2023 (30 Iúil 2023) |
| 6 | Sé Náisiún Guinness: Éire v An Fhrainc (11 Feabhra 2023) |
| 7 | Cáilitheoirí Eorpacha: Poblacht na hÉireann v An Fhrainc, UEFA Euro 2024 (27 Márta 2023) |
| 8 | Sé Náisiún Guinness: Albain v Éire (12 Márta 2023) |
| 9 | Corn Rugbaí an Domhain 2023: Éire v Tonga (16 Meán Fómhair 2023) |
| 10 | Corn Rugbaí an Domhain 2023: An Fhrainc v An Nua-Shéalainn (8 Meán Fómhair 2023) |
| 1 | Gaelic in the Joy |
| 2 | Once Upon a Time in Northern Ireland |
| 3 | Dr Cassidy’s Casebook |
| 4 | The Case I Can’t Forget |
| 5 | Davy’s Toughest Team |
| 6 | Ireland’s Wild Islands |
| 7 | The Murdochs: Empire of Influence |
| 8 | Quinn Country |
| 9 | Missing: Beyond the Vanishing Triangle |
| 10 | Brian and Arthur: A Very Modern Family |
| 1 | The Young Offenders |
| 2 | Father Ted |
| 3 | Sisters |
| 4 | The Big Bang Theory |
| 5 | Colin from Accounts |
| 6 | Hardy Bucks |
| 7 | Killinaskully |
| 8 | Women on the Verge |
| 9 | The 2 Johnnies Do America |
| 10 | PEN15 |
| 1 | Peppa Pig |
| 2 | Bluey |
| 3 | News2Day |
| 4 | Bing Bunny |
| 5 | Fireman Sam |
| 6 | Peppa Muc |
| 7 | Dizzy Deliveries |
| 8 | Shaun the Sheep |
| 9 | Hey Duggee |
| 10 | Fia’s Fairies |
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.