Tá Kneecap thart le tamall anuas ach mar gheall ar an scannán nua fúthu le Michael Fassbender, a mbeidh ag Féile Scannáin Sundance, tá níos mó daoine ag caint fúthu.
Agus tá an scéal mar an gcéanna leis an nGaeilge, a deir siad.
Beidh an chéad taibhiú domhanda ag ‘Kneecap’ le Rich Peppiatt ag Féile Scannáin Sundance in Utah an mhí seo chugainn, áit a dtaispeánfar é ar oíche oscailte Déardaoin, 18 Eanáir.
Agus iad ag caint le ExtraG.ie, phléigh Kneecap an dlúthbhaint atá acu leis an nGaeltacht agus cad a chiallaíonn ár gcultúr dóibh.
‘Bhí tuairim is cúig fhocal Gaeilge á rá ag Paul Mescal agus duirt gach éinne; “Ó mo Dhia, tá an teanga fionnuar agus craiceáilte”…do dhuine ar bith a bhfuil Gaeilge acu, níl f***ing suim mar bith acu faoi sin.
‘Samhlaigh go bhfuil do theaghlach ina gcónaí i nGaeltacht leis na mílte bliain agus go bhfuil a dteanga á bhrú amach díreach go hiarthar na hÉireann agus iad beagnach réidh leis an f*cking teanga agus tá do shliocht teaghlaigh ar an bhfód le 2000 bliain, agus deir Paul Mescal cúpla focal ar an gcairpéad dearg agus deir gach duine “Ó, tá an Ghaeilge beo arís.” Is éard atá i gceist le sin ná cic sna fiacla.’
Cé go bhfuil Kneecap tar éis an Ghaeilge a thabhairt go háiteanna nach raibh sé riamh cheana lena liricí rap, aithníonn na leaids freisin a n-oidhreacht agus iad siúd a thug an teanga ar ais ón mbás – seachas í a beith faiseanta ar feadh tamaill.
Agus iad ag plé leis an tionchar a bhí ag ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall ar iad féin inniu, chuir na leaids i Kneecap i dtreis gurb iad na daoine a choinníonn an teanga beo ó lá go lá na daoine atá tuillte go fírinneach a mholadh.
‘Ba í an Ghaeltacht an tobar saibhris a d’fhéadfaimis a bhaint astu agus a thógáil agus foghlaim uaithi … sílim go bhfuil i bhfad níos mó creidiúint tuillte acu ná atá tuillte ag brístí gearra CLG Paul Mescal.’
Agus cé go bhfuil clú agus cáil ag teacht orthu ar fud an domhain anois, tá Kneecap sásta an t-athrú meon ar an teanga a fheiceáil i measc mhuintir na hÉireann.
‘Is féidir a rá go cinnte go bhfuil athrú ag teacht ar an dóigh a bhfeicimid an teanga agus an cultúr.
‘Ní haon fhadhb í a thuilleadh. I mo thuairimse, bheadh daoine ag smaoineamh, “An bhfuil aon cúis Gaeilge? Cá bhfuil tú ag dul leis sin? Nó, cé mhéad airgid a gheobhfar leis?” a deir Kneecap
‘Tá sé sin tábhachtach, ach freisin ní hé an phríomhghné den teanga é, tá luachanna eile a ag an teanga do dhaoine. Sílim go bhfuil daoine ag tosú a thuiscint sin beagán níos mó.
‘Sílim go mb’fhéidir go mbeadh daoine gafa beagáinín chomh maith agus iad ag rá, “Tá an Ghaeilge sexy agus tá sé iontach arís”.
‘Sílim gur bealach é dúinn dearmad a dhéanamh beagnach go raibh sé f*cking outlawed agus beagnach curtha amach as an oileán go hiomlán ag coilíneachas agus cos ar bolg iomlán.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.