Aontaíonn ceannairí an rialtais tacaíocht d’Úcránaigh a ghearradh

Nuair a dhéanfar na hathruithe ní íocfar ach €38.80 sa tseachtain d’Úcránaigh a thagann anseo as sin amach agus cuirfear áit chónaithe ar fáil dóibh ar feadh 90 lá.

D’aontaigh ceannairí na dtrí pháirtí sa chomhrialtas go mbeidh teorainn le tacaíocht Stáit d’Úcránaigh a thagann anseo.

Áireofar leis na hathruithe, a rachaidh chuig an gComh-Aireacht an tseachtain seo, ciorruithe ar rátaí leasa shóisialaigh agus ní sholáthrófar áit chónaithe d’Úcránaigh a thagann anseo as seo amach ach ar feadh 90 lá.

Agus titfidh an íocaíocht €220 in aghaidh na seachtaine d’Úcránaigh go dtí €38.80 don tréimhse ina bhfuil daoine i gcóiríocht Stáit.

Leanfaidh tuismitheoirí leanaí atá i gcóiríocht Stáit ag fáil íocaíocht mhíosúil iomlán an tsochair linbh de €140
Leanfaidh tuismitheoirí leanaí atá i gcóiríocht Stáit ag fáil íocaíocht mhíosúil iomlán an tsochair linbh de €140

Mar sin féin, gheobhaidís ráta leasa níos airde nuair a fhágann siad na hionaid sin, de réir RTÉ.

Faoi na hathruithe, leanfaidh tuismitheoirí leanaí atá i gcóiríocht Stáit ag fáil íocaíocht mhíosúil iomlán an tsochair linbh de €140.

Cé go bhféadfadh na hathruithe teacht isteach an mhí seo chugainn, dúirt an Rialtas go gcuirfear athruithe i bhfeidhm am éigin sna trí mhí atá romhainn.

Tá an cinneadh á dhéanamh chun an caiteachas iomlán a ghearradh, ach ní bheidh aon tionchar ag na hathruithe ar Úcránaigh atá ina gcónaí anseo cheana féin.

Tháinig ardú ar an gcostas a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’Úcránaigh atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise ar a dtír – ach tá sé sin i bpáirt mar gheall ar riaráiste (backlog) sa chostas ard a bhaineann le soláthraithe lóistín príobháideacha (private accommodation providers) a íoc.

Dúirt an Rialtas go gcuirfear athruithe i bhfeidhm am éigin sna trí mhí atá romhainn
Dúirt an Rialtas go gcuirfear athruithe i bhfeidhm am éigin sna trí mhí atá romhainn

Meastar go mbeidh an bille leasa d’Úcránaigh níos mó ná €500 milliún don bhliain seo amháin – dhá oiread an méid a íocadh in 2022.

Mar sin féin, baineann cuid mhór de sin le cuideachtaí príobháideacha a íoc as lóistín a cuireadh ar fáil sna blianta roimhe seo. Bhí moill ar iad a íoc.

Thug an tAire Fiontair Simon Coveney le fios, ar Dé Sathairn go mbeadh athruithe ar shochair lóistín agus leasa dhídeanaithe na hÚcráine agus go ndéanfaí cinneadh orthu níos déanaí an tseachtain seo.

‘Tá súil agam go ndéanfar cinneadh sa Chomh-Aireacht,’ a dúirt sé ar an gclár Saturday with Colm Ó Mongáin ar RTÉ.

Labhair an tAire Simon Coveney Dé Sathairn faoin laghdú ar thacaíocht d’Úcránaigh
Labhair an tAire Simon Coveney Dé Sathairn faoin laghdú ar thacaíocht d’Úcránaigh

‘Sílim go bhfuilimid ag cuir i bhfad níos mó tacaíochta ar fail faoi láthair ná an chuid is mó de thíortha Eorpacha eile agus sílim go bhfuil gá le athrú ar sin, agus sílim go bhfuil sé sin aitheanta.

‘Tabharfaidh [an t-Aire Comhionnanas Roderic] O’Gorman a thograí isteach dúinn. Déanfaimid iad a phlé go fada sílim, roimh chruinniú na Comh-Aireachta agus ansin déanfaimid cinneadh ar sin.’

Dúirt an tUasal Coveney nach dócha é (it is unlikely) go n-athrófar stádas na dteaghlach Úcránach atá in Éirinn faoi láthair, ag cur leis: ‘Is éard atá i gceist leis seo ná comhartha a thabhairt don todhchaí (future).’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram